07 September 2026

An bhfuil tú paiseanta faoi thaighde dlí, smaointeoireacht straitéiseach agus athrú brí a chur chun cinn?

Bí páirteach san Aonad um Beartas agus Taighde Ionchúisimh (PPRU) agus bí mar chuid d’fhoireann dhinimiciúil atá ar thús cadhnaíochta i mbeartas ionchúisimh, i mbainistíocht eolais agus in athchóiriú ceartais choiriúil.

Is deis uathúil í seo chun oibriú ar thionscadail ardtionchair, comhoibriú le hionchúisitheoirí, le hAturnaetha Stáit agus le comhpháirtithe san earnáil cheartais, agus rannchuidiú le tionscnaimh a neartaíonn seirbhísí ionchúisimh ar fud na tíre. Ó thionchar a thabhairt ar thosaíochtaí straitéiseacha agus tacú le cláir athchóirithe go dtí acmhainní nuálacha eolais a fhorbairt, cabhróidh d’obair le todhchaí na heagraíochta agus le tírdhreach níos leithne an cheartais choiriúil a mhúnlú.

Má tá ról á lorg agat a chomhcheanglaíonn taighde, nuálaíocht, comhoibriú agus tionchar an saoil seo, ba bhreá linn cloisteáil uait.

Reáchtálfar an comórtas i gcomhréir leis na cóid chleachtais mar atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun sonraí iomlána a fháil faoin ról, faoi na riachtanais agus faoin bpróiseas iarratias, féach an Leabhrán Faisenéise d’Iarrathóití.

Comhlánaigh agus cuir isteach d’Fhoirm Iarratais agus do CV tríd an nasc RMS atá ar fáil anseo. Is é meánoíche Déardaoin, 24 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Tá eolas faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh gréasáin seo.