Nuair a chinneann an DPP ionchúiseamh a dhéanamh, cúisíonn na Gardaí an duine a bhíonn faoi amhras.  Tugann na Gardaí an duine a bhíonn faoi amhras os comhair bhreitheamh den Chúirt Dúiche.  Tugtar ‘an cúisí’ nó ‘an cosantóir’ ar an té atá faoi amhras i ndiaidh na céime sin.

Is iad na Gardaí a chuireann an páirtí éagóirithe ar an eolas i dtaobh chinneadh an DPP chomh maith. Ba chóir go gcuirfeadh na Gardaí am, dáta agus áit na héisteachta in iúl don pháirtí éagóirithe ina theannta sin.

Nuair a tharlaíonn sé sin déanfaidh an t-ionchúiseamh an fhianaise i gcoinne an chúisí a scríobh síos. Is é a thugtar ar an doiciméad ina bhfuil fianaise ná leabhar na fianaise agus is cuid an-tábhachtach den chás é.

  • bíonn ráitis ó fhinnéithe ann, lena n-áirítear an t-íospartach
  • bíonn doiciméid eile ann mar aon le liosta d’aon fhianaise fhisiciúil, mar shampla grianghraif nó airm a thaispeánfar sa chúirt.
  • Leagtar amach ann an fhianaise a mheasann an t-ionchúiseamh a thabharfaidh finnéithe sa chúirt.

Nuair a bhíonn an fhianaise ar fad a theastóidh sa triail ón ionchúiseamh cruinnithe, tabharfaidh na Gardaí leabhar na fianaise don chúisí. Nuair a tharlaíonn sin, socróidh breitheamh na Cúirte Dúiche dáta na trialach agus, sa chuid is mó de na cásanna, an chúirt a éistfidh an cás. Uaireanta, socróidh an DPP cén chúírt a éistfidh an chúis.

Braitheann sé ar an gcineál coire a rinneadh. Tá dhá chineál coire ann – cion achomair agus cion indíotáilte.

Cionta achoimre

  • is cionta iad nach bhfuil chomh tromchúiseach sin;
  • éisteann breitheamh iad gan ghiúiré sa Chúirt Dúiche; agus
  • tréimhse 12 mí an phianbhreith príosúnachta is troime maidir le cion amháin.

Má éisteann breitheamh den Chúirt Dúiche an cás, is féidir le Garda nó aturnae ó oifig an DPP an cás a chur i láthair.

Cionta indíotáilte

  • is iad na cionta is tromchúisí iad;
  • éisteann breitheamh agus giúiré iad sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil;
  • bíonn pionóis níos troime ann má chiontaíonn an chúirt an cúisí – d’fhéadfadh
  • príosúnacht saoil a bheith i gceist i gcás coireanna áirithe; agus
  • is féidir déileáil leo uaireanta sa Chúirt Choiriúil Speisialta ina suíonn triúr breitheamh gan ghiúiré.

Má éisteann breitheamh agus giúiré an cás, ullmhóidh aturnae ó oifig an DPP an cás le haghaidh na cúirte. Cuirfidh abhcóide a bheidh ag gníomhú thar ceann an DPP cás an ionchúisimh i láthair sa chúirt.

NA CÚIRTEANNA

An Chúirt Dúiche

Seo í an chéad Chúirt a dtugann Gardaí an cúisí inti. Déanann breitheamh na nithe seo a leanas sa Chúirt Dúiche:

  • éisteann sé/sí sonraí faoi na cúisimh i gcoinne an chúisí;
  • deir sé/sí an bhfuil an cás réidh lena thriail; agus
  • éisteann sé/sí trialacha i gcásanna nach bhfuil chomh tromchúiseach sin (cionta achoimre) gan ghiúiré.

Má phléadálann an cúisí ‘neamhchiontach’ sa Chúirt Dúiche, glaofaidh an t-ionchúiseamh finnéithe chun fianaise a thabhairt d’fhonn iarracht a dhéanamh cruthú go bhfuil an cúisí ciontach.

An Chúirt Chuarda agus an Phríomh-Chúirt Choiriúil

Sna cúirteanna seo seoltar trialacha atá níos tromchúisíná iad sin a sheoltar sa Chúirt Dúiche. Déanann an breitheamh na nithe seo a leanas sna cúirteanna seo:

  • feidhmíonn sé/sí i gcomhar le giúiré.  Ní mór don ghiúiré cinneadh a dhéanamh i dtaobh duine a bheith ciontach nó neamhchiontach.

An Chúirt Choiriúil Speisialta

Tá an chúirt seo cosúil leis an gCúirt Chuarda agus leis an bPríomh-Chúirt Choiriúil , ach amháin:

  • nach mbíonn aon ghiúiré inti; agus
  • éisteann triúr breitheamh gach cás.