Tá foilseacháin chorparáideacha éagsúla sa roinn seo amhail Tuarascálacha Bliantúla, Ráitis Straitéise, agus mar sin de. Más íospartach na coireachta thú, b’fhéidir gur mian leat cúirt a thabhairt ar ár leathanach ina bhfuil leabhráin faisnéise maidir le ról an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, ag dul chun na cúirte mar fhinné agus topaicí eile.

Tuarascálacha Bliantúla

Inár dTuarascálacha Bliantúla leagtar amach gníomhaíochtaí Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí thar thréimhse gach bliana féilire.

Ráitis Straitéise

Conas a bhainfimid ár misean amach seirbhís ionchúisimh atá cothrom, neamhspleách agus éifeachtach a sholáthar thar ceann mhuintir uile na hÉireann

Seirbhís Ardchaighdeáin

Ráitis phoiblí is ea ár gCairt um Sheirbhís Ardchaighdeáin agus ár bPlean Gníomhaíochta um Seirbhís Ardchaighdeáin ina leagtar amach na caighdeáin agus an leibhéal seirbhíse lena bhféadfá a bheith ag súil agus tú ag déileáil lenár nOifig.

Tuarascálacha bliantúla um Nochtadh Cosanta

Tuarascálacha bliantúla um Nochtadh Cosanta i gcomhréir le halt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014.

Ráiteas um Chosaint Sonraí

Toisc go bpróiseálann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí sonraí pearsanta tá oibleagáidí áirithe air faoin reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí. Inár Ráiteas um Chosaint Sonraí mínítear cad iad na hoibleagáidí sin agus an dóigh a gcloímid leo.

Scéim na Gaeilge

Déantar foráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i leith ullmhú scéime reachtúla ag comhlachtaí poiblí ina mionsonraítear na seirbhísí a sholáthraímid fáil trí mheán na Gaeilge.

An Córas Ionchúisimh in Éirinn

Leagann an cháipéis seo amach an obair a thugann ‘ionchúisitheoirí’ éagsúla sa chóras ionchúisimh Éireannach fúthu faoi láthair na h-uaire.