Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014, i leith agus dearbhaítear leis an ceart atá ag daoine ón bpobal rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéad is féidir ar comhréir le leas an phobail agus an ceart atá ag daoine aonair chun príobháideachta.

Déanann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí faisnéis a chur ar fáil go rialta don phobal faoina struchtúr, faoina feidhmeanna agus faoina gníomhaíochtaí trína cuid Tuarascálacha Bliantúla, agus a Ráiteas Straitéise agus Treoirlínte Ginearálta d’Ionchúisitheoirí a fhoilsiú. Leanfaidh an Oifig de bheith ag leathnú na réimse faisnéise atá ar fáil don phobal trínár láithreán gréasáin.

Scéim Foilseacháin Saoráil Faisneise

I dTreoir Scéim Foilseacháin Saoráil Faisneise tugadh achoimre ar ról agus ar fheidhmeanna na hOifige, a struchtúr agus na nósanna imeachta a bhaineann le hiarraidh a dhéanamh faoin alt 8 dAcht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Faisnéis Airgeadais

Tá sonraí na n-íocaíochtaí le haghaidh earraí agus seirbhísí na níos mó ná €20,000 CBL san áireamh a nuashonrú gach ráithe agus a chur ar fáil ar an suíomh. Cliceáil anseo le haghaidh an t-eolas is déanaí airgeadais (tá an cháipéis seo á haistriú go Gaeilge i láthair na huaire agus beidh sí ar fail go luath).

Fógra Srianta

Srian faoi alt 42(f) den Acht Um Shaoráil Faisnéise 2014:

Tá sé tábhachtach go mbeadh an pobal ar an eolas go dtagann taifid Oifig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi réir na sriantachtaí dá bhforáiltear faoi alt 42(f) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Dá bhrí sin, níl taifid atá i seilbh na hOifige seo, nó cruthaithe aici, seachas taifid a bhaineann le riaradh ginearálta na hOifige, ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ciallaínn sé sin nach bhfuil taifid maidir le comhaid chásanna coiriúla ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Foirm Iarratais um Shaoráil Faisnise

Foirm Iarratais um Shaoril Faisnise (Microsoft Word Document)

Chun a dhéanamh ar iarratas Saoráil Faisnéise leictreonach, cuir r-phost: foi@dppireland.ie

Déan Teagmháil leis an tAonad um Shaoráil Faisnéise

Is féidir le daoine dul i dteagmháil leis an aonad FOI trí theileafóin ag (01) 858 8500 nó trí ríomhphost ag foi@dppireland.ie. Is féidir an seoladh ríomhphoist a úsáid chun iarraidh Shaoráil Faisnéise a chur isteach, ach ní féidir é a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach nuair atá táille iarratais ag teastáil.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Saoráil Faisnéise, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin an Láraonad Polasaí um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Ceatheachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ar láithreán gréasáin Oifig an Choimisinéara Faisnéise.