Cairt Seirbhíse ar Ardchaighdeán 2021 – 2023

Ráiteas Misin

Seirbhís ionchúisimh atá cothrom, neamhspleách agus éifeachtach a sholáthar ar son mhuintir uile na hÉireann

Cé sinne?

Bunaíodh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí faoin Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974. Tagraítear don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí freisin mar an Stiúrthóir sa Chairt seo.

Tá ceithre phríomhrannán in Oifig an Stiúrthóra:

  1. Tá an Rannán Stiúrtha comhdhéanta d’abhcóidí agus d’aturnaetha a scrúdaíonn comhaid imscrúdaithe choiriúil agus a chinneann cibé ar chóir ionchúiseamh a dhéanamh.
  2. Tá an Rannán Aturnaetha comhdhéanta d’aturnaetha agus d’fheidhmeannaigh dlíthiúla a ullmhaíonn agus a sheolann cásanna thar ceann an Stiúrthóra i ngach suí de na Cúirteanna i mBaile Átha Cliath.
  3. I Rannán na Seirbhísí Tacaíochta Ionchúisimh cuimsítear an tAonad Beartas agus Taighde ina soláthraítear taighde dlíthiúil agus beartais, ina bhforbraítear beartais um ionchúiseamh agus ina dtugtar comhairle faoi dhoiciméid beartas dlíthiúil a chuirtear ar aghaidh chuig an Oifig lena mbreithniú; Aonad na Leabharlainne ina soláthraítear faisnéis agus seirbhísí saineolais don fhoireann dhlíthiúil agus don fhoireann riaracháin araon; Aonad Idirchaidrimh na nÍospartach atá freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann an Oifig a hoibleagáidí arna leagan amach i dTreoir AE 2012/29/AE, lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta; agus an tAonad Idirnáisiúnta ina ndéileáiltear le réimsí an dlí choiriúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear eiseachadadh, Barántais Gabhála Eorpacha agus iarratais ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach.
  4. Tá an Rannán Seirbhísí Corparáideacha comhdhéanta de ghráid ghinearálta na státseirbhíse agus de ghairmeacha a sholáthraíonn seirbhísí agus tacaíochtaí don Oifig i réimse na n-acmhainní daonna, forbairt eagraíochtúil, TF, Airgeadais, cumarsáid, rialachas agus cóiríocht.

Cad a dhéanaimid?

Cinneann an Stiúrthóir cibé an gcúisítear daoine i gcionta coiriúla agus cad iad na cúisimh ba chóir a bheith i gceist. Ó bhíonn cúisimh tionscanta bíonn Oifig an Stiúrthóra i gceannas ar an gcás ionchúisimh.

Gníomhaíonn an Príomh-Aturnae Ionchúisimh mar aturnae don Stiúrthóir agus bíonn i gceannas ar an Rannán Aturnaetha in Oifig an Stiúrthóra. Déanann foireann an Rannáin Aturnaetha uiríolla ar an Stiúrthóir i ngach cúirt i mBaile Átha Cliath. Déanann Aturnaetha Stáit Áitiúla uiríolla ar an Stiúrthóir i gcúirteanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Rudaí nach ndéanaimid

NÍ dhéanann Oifig an Stiúrthóra:

  • coireanna a imscrúdú – is iad An Garda Síochána a imscrúdaíonn coireanna.
  • comhairle dhlíthiúil a thabhairt do dhaoine den phobal – ba chóir do dhaoine a bhíonn ag lorg comhairle den sórt sin dul i gcomhairle lena gcomhairleoir dlí féin.

A mbítear ag súil leis uainn

Tá an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus a foireann díograiseach le seirbhís ionchúisimh ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Féadfaidh tú, is tú ag déileáil le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, a bheith ag súil le:

Neamhspleáchas

Is croíluach de chuid na hOifige é an neamhspleáchas. Bíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí neamhspleách i mbun a cuid oibre. Ní féidir leis an Rialtas ná leis an nGarda Síochána iallach a chur ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon chás ar leith a ionchúiseamh ná ní féidir leo cosc a chur uirthi cás a ionchúiseamh.

Cothroime

Oibríonn Oifig an Stiúrthóra chuig na caighdeáin ghairmiúla is airde agus déileálann le gach duine dá mbíonn déileáil aici leo go cothrom, go comhionann agus go comhleanúnach.

Breithniú cúramach

Is cinneadh an-tábhachtach é an cinneadh ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh. Má ionchúisítear daoine is féidir go leor damáiste a dhéanamh dóibh fiú má chinntear níos faide anonn nach bhfuil siad ciontach. Bíonn go leor struis ag baint le triail choiriúil, go háirithe don íospartach. Ag an am céanna, is féidir le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh go leor struis agus suaitheadh a chruthú don íospartach. Mar sin caithfear an cinneadh cibé an ndéanfar ionchúiseamh a bhreithniú go han-chúramach.

Rúndacht

Pléifear le gach ábhar a chuirtear ar aghaidh chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí go cuí agus faoi rún. Nuair a chinneann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan cás a ionchúiseamh tugtar na cúiseanna a bhíonn lena cinneadh don Gharda Síochána nó do ghníomhaireacht imscrúdúcháin eile agus coinnítear faoi rún iad. Féadfaidh íospartach iarraidh ar achoimre ar na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh, áfach. Baineann seo le gach cinneadh a dhéantar an 16 Samhain 2015 nó ina dhiaidh sin.

I gcásanna ina bhfuair an t-íospartach bás, féadfaidh duine muinteartha an íospartaigh éagtha iarraidh orainn ár gcúiseanna a thabhairt lenár gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh. Baineann seo le gach cás inar tharla an bás an 22 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh sin.

Gníomh Tráthúil

Déileálfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus a foireann le comhaid, fiosruithe agus nithe eile a chuirtear chuig a hOifig in am trátha.

Athbhreithniú

Más íospartach nó duine cúisithe tú, nó duine dá dteaghlach, nó a ndlíodóir, dochtúir nó oibrí sóisialta is féidir leat iarraidh ar an Stiúrthóir athmhachnamh a dhéanamh ar chinneadh a bhíonn glactha. Is féidir leat sin a dhéanamh trí iarraidh a chur i scríbhinn chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Cúirtéis & Meas

Caithfidh foireann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Phoiblí leis na daoine lena mbeidh siad ag déileáil go cúirtéiseach agus le meas.

Íogaireacht

Tá Oifig an Stiúrthóra tiomanta déileáil le híospartaigh agus le finnéithe leis an meas agus an íogaireacht is mó. Beidh meas ag an Stiúrthóir ar aon tuairim a léireoidh íospartaigh coireachta nuair a bheidh cinntí á ndéanamh i gcásanna sainiúla cibé an ndéanfar ionchúiseamh.

Nuair a bhíonn cionta á n-ionchúiseamh sa chúirt:

  • oibreoidh an Stiúrthóir leis an nGarda Síochána lena chinntiú go gcoinnítear íospartaigh coireachta go hiomlán ar an eolas faoi fhorbairtí sa chás, go háirithe más cion de chineal foréigneach nó gnéasach an cion.
  • míneoimid, i gcás gur indéanta sin, próisis na cúirte a bheidh i gceist and cuirfimid ár leabhrán eolais ar ‘Ag dul chuig an gCúirt mar Fhinné’.
  • ar iarratas ó íospartach coireachta, éascoidh Oifig an Stiúrthóra cruinniú réamhthrialach le habhcóide agus le hionadaí ó Rannán Aturnaetha Oifig an Stiúrthóra. Is é cuspóir an chruinnithe seo ná an próiseas trialach a mhíniú duit agus aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat a fhreagairt. Ba chóir a thabhairt ar aird, áfach, nach féidir le hionadaí an Stiúrthóra fianaise a phlé le finnéithe roimh an gcás.

Achomhairc

Maidir le cásanna a thriailtear sa Chúirt Chuarda, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil nó sa Chúirt Choiriúil Speisialta féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Achomhairc Choiriúil chun pianbhreith a athbhreithniú má cheapann sí an phianbhreith a bheith níos boige ná mar ba chóir. Más íospartach tú, nó más duine de theaghlach an íospartaigh tú, más tú aturnae, dochtúir nó oibrí sóisialta an íospartaigh féadfaidh tú iarraidh ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chomh bog is a bhí pianbhreith a ghearr na cúirteanna a fhiosrú.

Eolas

Soláthraíonn Oifig an Stiúrthóra eolas a bhfuil rochtain éasca air maidir le hobair na hoifige tri threoirleabhair eolais, Tuarascálacha Bliantúla, Treoirlínte Ionchúisimh agus foilseacháin eile a fhoilsiú, agus tá siad sin ar fad ar fáil ar láithreán gréasáin na hOifige ag www.dppireland.ie.

Faoi alt 42(f) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, ní féidir ach taifid a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige a bheith poiblí. Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an bpobal faisnéis ó chomhaid a bhaineann le cásanna coiriúla aonair a fháil.

Comhionannas na dTeangacha Oifigiúla

Foilsítear gach foilseachán a eisíonn Oifig an Stiúrthóra I nGaeilge agus i mBéarla agus tá ár láithreán gréasáin dátheangach. Cabhróimid freisin leat do ghnó a stiúradh trí mheán na Gaeilge.

Polasaí Gearán

Má bhíonn gearán agat faoin tslí a n-oibrímid is féidir leat scríobh chuig Oifig an Stiúrthóra agus déileálfar le do ghearán go pras.

Mionsonraí Teagmhála

Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne,
Baile Átha Cliath 7
D07 FHN8.
Teil: + 353 1 858 8500
Faics: + 353 1 642 7406
Láithreán Gréasáin: www.dppireland.ie

An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne,
Baile Átha Cliath 7
D07 FHN8.
Teil: +353 1 858 8500
Faics: +353 1 642 7406
Láithreán Gréasáin: www.dppireland.ie

Íoslódálacha

© Office of the Director of Public Prosecutions (Meitheamh 2021)