Más íospartach coiriúlachta tú oibreoidh an t-aturnae ionchúisimh i gcomhar leis na Gardaí lena chinntiú go mbíonn tú i gcónaí ar an eolas i dtaobh cad atá ag tarlú sa chás.

De ghnáth, beidh tú in ann bualadh le foireann an ionchúisimh ag cruinniú roimh an triail. I gcásanna níos tromchúisí, mar shampla cionta gnéasacha, tairgfidh an t-aturnae ionchúisimh cruinniú den sórt. Is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh i dtaobh an cruinniú sin a bheith ann tamall gairid roimh an triail nó maidin an lae ar a bhfuil an triail le tosú.

Sa chás gur mhaith leat cruinniú agus nár tairgeadh sin fós, ba cheart duit sin a rá leis an nGarda atá ag breathnú i ndiaidh do cháis. Déanfaidh an Garda teagmháil le hOifig an DPP nó aturnae stáit áitiúil chun cruinniú a shocrú.

Tugann cruinniú roimh an triail deis don abhcóide agus an aturnae a mhíniú duit cad a tharlaíonn sa chúirt. Ach tá rialacha daingne ann a choisceann orthu labhairt leat faoi cén fhianaise a thabharfaidh tú. Ciallaíonn sé seo nach féidir le duine ar bith a rá gur dúradh leat cad is ceart duit a rá sa chúirt.

Tugtar scríbhinn ar thaifead scríofa na trialach. D’fhéadfadh go dtabharfaí scríbhinn d’fhoireann an ionchúisimh agus d’fhoireann na cosanta tar éis na trialach agus sa chás go bhfuil achomharc i gceist. Ní féidir le haon duine seachas breitheamh a rá go bhfuil cead agat an scríbhinn a fheiceáil.

Sa chás gur íospartach coire thú, féadfaidh an Garda Síochána nó an fhoireann ionchúisimh iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun a iarraidh an ceadmhach duit do chuid fianaise a thabhairt trí fhísnasc nó nach ceadmhach. Déanfaidh siad é sin má mheasann siad gurbh fhearr duit do chuid fianaise a thabhairt ar an mbealach sin. Má chinneann an breitheamh gur ceadmhach duit é a dhéanamh, fágfaidh sé sin go mbeidh tú in ann do chuid fianaise a thabhairt gan an duine cúisithe a fheiceáil. Tá roinnt tairbhí ag baint le físnasc:

  • Tugann tú do chuid fianaise os comhair ceamara in ionad eile d’fhoirgneamh na cúirte atá scoite amach ón seomra cúirte.
  • Is féidir leis an bhfoireann dlí ceisteanna a chur ort amhail is dá mbeifeá i do shuí os a gcomhair.
  • Feicfidh na daoine sa chúirt thú ar scáileán teilifíse agus do chuid fianaise á tabhairt agat. Ní fheicfidh tú ach an duine atá ag cur na gceisteanna ort, agus ní an duine cúisithe, áfach.

Sea, mar íospartach thú ba cheart duit go mbeadh seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta curtha ar fáil duit, roimh agus le linn an cháis chúirte. Má theastaíonn na seirbhísí seo uait, ba cheart duit insint do na Gardaí ionas gur féidir na seirbhísí a chur ar bun. Uaireanta ní fhéadfaidh íospartach na seirbhísí seo a iarraidh ach má cheapann na Gardaí, an fhoireann ionchúisimh nó an chúirt go dteastaíonn siad uait, gheobhaidh siad iad ar do shon. Cuideoidh sé seo leat tuiscint a fháil ar cad a bhfuil ag tarlú agus cuideoidh sé seo le foireann an ionchúisimh agus leis an gcúirt tabhairt faoi dheara.

Ní féidir. Ní féidir le dlíodóir ionadaíocht a dhéanamh duit ach amháin sa chás gur íospartach ciona ghnéasaigh thromchúisigh thú agus gur mian le foireann na cosanta tú a chroscheistiú maidir le do chúlra gnéasach. Ní fhéadfaidh foireann na cosanta é sin a dhéanamh ach amháin má thugann an breitheamh cead di déanamh amhlaidh. Féadfaidh dlíodóir ionadaíocht a dhéanamh duit sa chúirt i gcás go bhfuil foireann na cosanta ag iarraidh cead ina leith sin ón mbreitheamh.

I gcás gur íospartach ciona ghnéasaigh íospartaigh thú, cuirfidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil dlíodóir ar fáil duit saor in aisce. Socróidh an dlíodóir ionchúisimh atá ag plé le do chás é sin duit. Buailfidh do dhlíodóir leat sula ndéanfaidh foireann na cosanta iarratas chun tú a chroscheistiú. Beidh do dhlíodóir sa chúirt freisin nuair a inseoidh an breitheamh d’fhoireann na cosanta cé acu atá nó nach bhfuil cead aici tú a chroscheistiú.

Má thugann an breitheamh cead tú a chroscheistiú, ní fhéadfaidh do dhlíodóir ionadaíocht a dhéanamh duit le linn an chroscheistiúcháin é féin. Mar sin féin, ba cheart don bhreitheamh a chinntiú gurb amhlaidh, le linn di tú a chroscheistiú, go bhfanann foireann na cosanta laistigh de na teorainneacha ar shocraigh an chúirt iad.

Ní féidir, go hiondúil.  Is amhlaidh sin mar go leagtar síos i mBunreacht na hÉireann gur cheart gach cás a sheoladh go poiblí mura ndéantar eisceacht leis an dlí. Féadfar déanamh amhlaidh le haghaidh cineálacha áirithe cásanna, mar shampla:

  • Éigniú agus roinnt cásanna a bhaineann le cionta gnéasacha; agus
  • Cásanna inar daoine faoi 18 mbliana d’aois atá á gcúiseamh.

Sna cásanna sin, seoltar trialacha gan an pobal a bheith i láthair. Fágann sé sin nach mbeidh ach na daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an gcúirt ann sa seomra cúirte agus do chuid fianaise á tabhairt agat. Is féidir go mbeidh iriseoirí ann sa seomra cúirte freisin. Ní fhéadfaidh iriseoirí ainm an duine chúisithe ná ainm an íospartaigh a thuairisciú. Ní fhéadfaidh siad ach oiread rud ar bith a scríobh a d’fhéadfadh cabhrú le daoine a n-ainm a fháil amach. Is ciontach i gcion coiriúil atá aon iriseoir a bhriseann na rialacha sin.

Is saincheist chasta í sin agus ní féidir cuntas iomlán ar an dlí a thabhairt anseo.

I roinnt cásanna, ní féidir ainm a thabhairt go poiblí ar chor ar bith. Mar shampla, i gcásanna lena mbaineann éigniú, tá an ceart ag daoine cúisithe chun a n-ainm a choinneáil príobháideach mura bhfaightear iad a bheith ciontach. Fágann sé sin nach féidir dada a rá chun an cúisí a shainaithint roimh an mbreith. Ní féidir aitheantas duine chúisithe a fhaightear neamhchiontach a nochtadh.

Má fhaightear an cúisí a bheith ciontach, is féidir gur mian le roinnt íospartach go dtabharfaí ainm an chúisí go poiblí. Is minic a tharlaíonn sé, áfach, go nochtfar aitheantas an íospartaigh go poiblí má ainmnítear an duine ciontach. Dá ainneoin sin, cinneann roinnt íospartach gur mian leo go n-ainmneofaí an duine ciontach. Más mian leat go dtarlódh sé sin, ba cheart duit an méid sin a chur in iúl don dlíodóir ionchúisimh.

Más íospartach thú, ba cheart duit, sula gcinneann tú cad a dhéanfaidh tú, smaoineamh go cúramach ar na hiarmhairtí a bheidh ann duit i gcás go n-ainmneofar an duine ciontach. Is féidir gur dea-smaoineamh é do chomhairle dlí féin ina leith sin a fháil.

Nuair atá pianbhreith á cinneadh ag breitheamh, tá sé tábhachtach gurb eol dó/di cén éifeacht a bhí ag coir ar íospartach. Féadfaidh tú Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh a luaithe a fhaightear an cúisí ciontach nó a phléadálann sé/sí ciontach. Déantar cur síos sa ráiteas sin ar conas a chuaigh an choir i bhfeidhm ort agus ar conas atá sí ag dul i bhfeidhm ort fós.  Cliceáil anseo le haghaidh ár bhileog eolais maidir le ‘Ráiteas Tionchair Íospartaigh a Dhéanamh.

Oibreoidh an t-aturnae ionchúisimh i gcomhar leis na Gardaí lena chinntiú go mbíonn tú i gcónaí ar an eolas i dtaobh cad atá ag tarlú sa chás.

Tá roinnt eagraíochtaí ann chomh maith a chuirfeadh seirbhís tacaíochta ar fáil duit le linn na cúirte. Ciallaíonn sin go dtiocfadh oibrí deonach chun na cúirte leat, dá mba mhian leat é, agus go bhfanfadh sé nó sí i do chomhluadar an t-am ar fad. Thabharfadh an Líne Cabhrach d’Íospartaigh Choireachta, a chuireann seirbhís chúnta ar fáil ar an teileafón d’íospartaigh choireachta, sonraí teagmhála maidir le seirbhís chúnta cúirte agus seirbhísí cúnta eile d’íospartaigh ar fáil duit. Is féidir glaoch ar an Líne Cabhrach d’Íospartaigh Choireachta ar 116 006 (teilafóin saor in aisce).

I gcás cuid mhór tithe cúirte tá seomra ar fáil iontu d’íospartaigh agus d’fhinnéithe le linn na trialach.

Is é an Garda Síochána atá freagrach as costais fhinnéithe a íoc. An costas a bhaineann leat ag teacht chun na cúirte chun fianaise a thabhairt atá i gceist leis sin. D’fhéadfadh go mbeadh an costas maidir le ham saor ón obair, costais taistil, béilí agus, sa chás gur i gcuid eile den tír atá cónaí ort, lóistín i gceist leis na costais.

Ceannfort (Oifigeach Dúiche) na nGardaí sa cheantar ina bhfuil ionchúiseamh á dhéanamh ar an gcás a íocann na costais. Tá an Garda atá ag plé le do chás in ann seo a réiteach duit. D’fhéadfadh seisean nó sise admhálacha airgeadais a iarraidh maidir le do chuid taistil móide, sa chás go bhfuil éileamh á dhéanamh agat maidir le tuarastal a chailleadh, litir ón bhfostóir sin agat.

I roinnt cásanna, d’fhéadfadh go mbeifeá in ann réamhíocaíocht a fháil maidir le costais sula dtosaíonn an cás ionas go mbíonn ar do chumas taisteal go dtí an chúirt.

De réir an dlí, d’fhéadfadh ceart a bheith agat airgead a fháil i leith aon díobhála pearsanta nó caillteanais phearsanta a d’fhulaing tú de bharr an chiona. Tá roinnt teorainneacha leis sin, áfach.

  • Is faoin mbreitheamh atá sé a ordú don chúisí nó dá gcaomhnóir cúiteamh a íoc leat.
  • Ní mór don bhreitheamh a chinntiú ar dtús an bhfuil siad in ann cúiteamh a íoc leat agus, dá bhrí sin, dá mbeidís dífhostaithe, mar shampla, bheadh an breitheamh den tuairim nárbh fhiú a ordú dóibh cúiteamh a íoc.
  • Ní bheidh an méid airgid a gheobhaidh tú níos mó ná an méid a d’fhéadfá a fháil tar éis éileamh sibhialta a dhéanamh sa chúirt céanna.

D’fhéadfadh go n-íocfadh an Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla cúiteamh mar gheall ar dhíobháil phearsanta ar díreach de bharr coire foréigní a tharla sí.