Cumhdaíonn an beartas seo gearáin faoi sheirbhís a sholáthair Oifig an DPP a imríonn tionchar díreach ort. Mar shampla, d’fhéadfadh gearáin baint le freagairt mhoillithe a thabhairt ar litir a sheol tú chugainn, nó b’fhéidir go mbraitheann tú nár freastalaíodh ar do chuid ceart mar íospartach.

Ní chumhdaíonn an beartas seo míshásamh le cinntí gan ionchúiseamh a dhéanamh.  Má tá tú míshásta le cinneadh gan ionchúiseamh, féadfaidh tú iarraidh orainn cúis a thabhairt a bhí leis an gcinneadh nó athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh.  Féadfaidh tú teacht ar níos mó faisnéise ar conas seo a dhéanamh sa leabhrán faisnéise Conas Iarraidh ar Chúiseanna agus Athbhreithnithe.

Chun gearán a dhéanamh, is gá duit scríobh chugainn le sonraí faoi do ghearán agus an cháipéis seo a sheoladh chuig:

Oifigeach Gearán
An tAonad Rialachais agus Gnóthaí Poiblí
Oifig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne
Baile Átha Cliath 7.

Nuair a gheobhaimid do ghearán, cuirfimid é i dtaifead agus déanfaimid iarracht é a réiteach go pras. I roinnt cásanna, b’fhéidir go mbeimid in ann do ghearán a réiteach go han-simplí. D’fhéadfadh seo tarlú, mar shampla, más féidir linn breis faisnéise a sholáthar duit, botún a rinneamar a cheartú, nó nós imeachta ar leith a mhíniú duit.

Más de chineál níos tromchúisí do ghearán, cuirfimid é faoi bhráid duine dár mbainisteoirí sinsearacha é. Scrúdóidh an bainisteoir sinsearach an tsaincheist agus tabharfaidh sé/sí freagairt duit a luaithe is féidir.

Aithneoimid do ghearán laistigh de chúig lá oibre.  Seolfaimid freagairt iomlán chugat, sa chás gur féidir, laistigh de shé seachtaine.  I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé níos faide a ghlacadh.   Má tharlaíonn seo, scríobhfaimid chugat agus cuirfimid ar an eolas thú cathain ar féidir leat súil a bheith le freagairt a fháil.

Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a dhéileálamar le do ghearán,is féidir leat achomharc a dhéanamh. Beidh an Leas-Stiúrthóir déileáil le d’achomharc.