Tá Oifigeach Rochtana ceaptha ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas, 2005. Tá an tOifigeach seo freagrach as cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú, agus a chomhordú, le haghaidh daoine atá faoi mhíchumas agus atá ag baint leasa as seirbhísí na Roinne. Foinse theagmhála atá san Oifigeach seo do dhaoine atá faoi mhíchumas agus a dteastaíonn uathu leas a bhaint as na seirbhísí sin.

Seo a leanas sonraí teagmhála an Oifigigh Rochtana:

Oifigeach Rochtana
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne
Baile Átha Cliath 7
D07 FHN8

Teil: 01 858 8500
Ríomhphost: accessofficer@dppireland.ie