Cuireann an bhileog roimhe iarracht a dhéanamh na ceisteanna is coitianta faoi Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh a fhreagairt. Ní chlúdaíonn sé gach uile cúinse a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus ní comhairle dlí atá ann. Má theastaíonn a leithéid uait b’fhearr duit dul chuig aturnae.

Más íospartach coire thú, féadfaidh tú Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh. Is ionann Ráiteas Tionchair Íospartaigh agus cuntas i d’fhocail féin ar an tionchar a bhí ag an gcoir ort. Tá seans ann, mar shampla, gur fhulaing tú díobháil fhisiciúil nó go raibh tionchar mothúchánach nó síceolaíoch ag an gcoir ort. Tá seans ann gur fhulaing tú caillteanas airgeadais freisin.

Leis an Ráiteas, cabhraítear leis an mbreitheamh a thuiscint cén tionchar a bhí ag an gcoir ort. Cuirfidh an breitheamh an méid sin san áireamh ansin agus é/í ag cinneadh cén phianbhreith a chuirfear ar an gciontóir.

Féadfaidh na daoine seo a leanas ráiteas tionchair íospartaigh a dhéanamh:

  • íospartach na coire, a ndearnadh dochar dó/di, lena n-áirítear dochar fisiciúil, meabhrach agus mothúchánach, nó a d’fhulaing caillteanas airgeadais a tháinig go díreach as an gcion
  • duine muinteartha le híospartach a fuair bás, atá tinn nó atá ar éagumas de dheasca na coire
  • íospartach atá faoi bhun 14 bliana d’aois nó a t(h)uismitheoir nó a c(h)aomhnóir
  • duine muinteartha thar ceann íospartaigh a bhfuil neamhord meabhrach air/uirthi agus nach bhfuil cumas aige/aici ráiteas a dhéanamh

Ní fhéadfaidh tuismitheoir, duine muinteartha nó caomhnóir leis an íospartach Ráiteas Tionchair. Íospartaigh a dhéanamh thar ceann an íospartaigh i gcás gur ciontaíodh an duine sin i gcion in aghaidh an íospartaigh.

Ceadaítear. Luaitear sa dlí go bhféadfar Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh i ngach cás ina bhfuil íospartach coire ann agus go bhféadfar déanamh amhlaidh a luaithe a fhaightear an ciontóir ciontach sa choir.

Ní gá. Is fút féin atá sé a chinneadh cé acu ba mhaith nó nár mhaith leat ceann a dhéanamh. Fiú amháin i gcás go gcinnfidh tú gan Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh, ní ghlacfaidh an breitheamh leis nach raibh aon tionchar ag an gcoir ort.

Déanfaidh tú do Ráiteas Tionchair Íospartaigh tar éis an ciontóir a fháil ciontach sa chúirt ach sula ndéanfaidh an breitheamh cinneadh ar an bpianbhreith.

Leis an Ráiteas Tionchair Íospartaigh, tugtar deis duit a insint don chúirt cén tionchar a bhí ag an gcoir ort.  D’fhéadfadh gurbh fhiú breithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • aon díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch a d’fhulaing tú
  • an measann tú go bhfuil tú soghonta nó imeaglaithe
  • an measann tú nach bhfuil tú sábháilte a thuilleadh
  • an tionchar ar do theaghlach
  • an t-athrú atá tagtha ar cháilíocht do bheatha ar bhonn laethúil
  • aon chaillteanas airgeadais a d’fhulaing tú de dheasca na coire

Níor cheart duit aon tuairimí a chur in iúl faoin gciontóir ná a insint don bhreitheamh cén phianbhreith ba cheart, dar leat, a chur ar an gciontóir.   Níor cheart duit déanamh amhlaidh toisc gur faoin mbreitheamh, agus faoin mbreitheamh amháin, atá sé a chinneadh cén phianbhreith is cuí.

Leis an Ráiteas Tionchair Íospartaigh, tugtar deis duit a insint don chúirt i d’fhocail féin cén tionchar a bhí ag an gcoir ort. Tá sé tábhachtach nach rachaidh aon duine eile i bhfeidhm ar a ndéarfaidh tú i do Ráiteas agus nach scríobhfaidh aon duine eile an Ráiteas duit. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis sa leabhrán seo úsáideach duit agus do Ráiteas á ullmhú agat.

Ní gá Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh in aon fhoirm ar leith. Féadfar é a dhéanamh i bhfoirm lámhscríofa nó i bhfoirm chlóscríofa nó féadfar é a thabhairt ó bhéal sa chúirt. Má dhéanann tú do Ráiteas a scríobh nó a chlóscríobh, ba cheart duit é a thabhairt don Gharda Síochána ansin. Féadfaidh tú cóip a choinneáil duit féin freisin.

Ón uair a thugann tú do Ráiteas ar aghaidh do na Gardaí glactar leis mar chuid den fhianaise sa chás. Ciallaíonn sé seo gur féidir go bhfeicfidh an fhoireann ionchúisimh, an chosaint, na Gardaí agus an chúirt Ráiteas Tionchair Íospartaigh. Ní thugtar aon chóip de do Ráiteas Tionchair Íospartaigh d’aon duine eile. Is féidir, áfach, go ndéanfar tuairisc ar shonraí an ábhair i do Ráiteas sna meáin chumarsáide, muna gcuireann an breitheamh bac ar fhoilsitheoireacht.

Is féidir. Má dhéanann tú Ráiteas Tionchair Íospartaigh don chúirt nó is féidir go gcuirfidh an chúirt nó an chosaint ceisteanna ort faoi ábhar do Ráiteas le soiléiriú a dhéanamh ar phointe áirithe. Má tá tú chun Ráiteas Tionchair Íospartaigh béil a dhéanamh, is féidir go gcuirfidh an chúirt, an t-ionchúiseamh nó an chosaint ceisteanna ort faoin méid a deir tú.

Is féidir. Is féidir go n-iarrfaidh an chúirt go ndéanfaidh duine gairmiúil measúnú ort, mar shampla síceolaí. Ní tharlódh sé seo ach i gcásanna áirithe, i gcásanna chion gnéasach. Dá mba rud é go
n-iarradh an chúirt a leithéid i do chás, mhíneodh na Gardaí an nós imeachta duit. Buailfidh an duine gairmiúil seo leat le labhairt leat faoin tionchar atá ag an gcoir ort. Ansin cumann siad Tuairisc Tionchair Íospartaigh don chúirt áit a dtugann siad a thuairim ar thionchar na coire ar do shaol. Tá sé seo ar leithligh ón Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanann tú tú féin.

Breis Eolais

Má theastaíonn breis eolais uait faoi Ráiteas Tionchair Íospartaigh is féidir breathnú ar alt 5 den Acht um Ceartais Coiriúil 1993, dá dtagraítear ar leathanach 47 dár dTreoirlínte d’Ionchúisitheoirí, ar féidir leat rochtain a fháil orthu trí chliceáil anseo.

Making a victim impact statementRáiteas Tionchair Íospartaigh a Dhéanamh (PDF – 61KB)