Tugann an eolas thíos achoimre ar na cineál achohmarc eagsúla agus cad a bheith ag súil ag na Éisteachtaí Achomharc sin.

Más íobartach nó finné thú, is mian leat freisin ár leathanch le níos mó Faisnéis don Phobail a fheiceáíl, ina bhfaighidh tú leagan den eolas achomhar thíos I bhfoirm in-íoslódála.

Cad is achomharc i leith ciontaithe ann?

  • Ciallaíonn sé gur chuir an duine ciontaithe i do chás achomharc isteach i gcoinne a chiontaithe/ciontaithe. Tá sé á rá acu go ndearna an bhunchúirt earráid sa dlí ag an triail.
  • Beidh an Rannán Achomharc ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag déileáil leis an gcás.
  • Cé gur féidir le duine ciontaithe atá sa phríosún iarratas a dhéanamh ar bhannaí agus é nó í ag fanacht leis an achomharc, ní rómhinic a cheadaítear bannaí. Má cheadaítear bannaí, ní dhéantar amhlaidh ach i gcásanna eisceachtúla.
  • Nuair a bheidh an páipéarachas ar fad curtha i gcrích ag foireann dhlíthiúil an duine ciontaithe, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar dháta don éisteacht.
  • Léifidh breithiúna na Cúirte Achomharc an taifead scríofa (na tras-scríbhinní) ar an bhfianaise go léir ón mbuntriail, ionas go mbeidh tuiscint acu ar cad a tharla go díreach.

Cad a bheidh i gceist ag éisteacht chúirte

  • Ní chaithfidh tú freastal ar éisteacht an achomhairc, ach is féidir leat freastal uirthi más mian leat.
  • Coinneoidh an Garda iniúchta ar an eolas thú faoin achomharc.
  • Is féidir leis an nGarda iniúchta cruinniú a eagrú leis an abhcóide ionchúisimh agus aturnae roimh éisteacht an achomhairc más mian leat é sin a dhéanamh.
  • Éistfidh trí bhreitheamh an t-achomharc a bheidh ina suí sa Chúirt Achomharc (Coiriúil) a shuíonn sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBaile Átha Cliath de ghnáth.
  • Ar dháta na héisteachta éistfidh na trí bhreitheamh aighneachtaí dlíthiúla ón bhfoireann ionchúisimh agus ón bhfoireann chosanta araon.
  • Is annamh go nglaofar ar fhinnéithe ar bith chun fianaise a thabhairt ag an éisteacht seo.
  • Má theastaíonn níos mó ama ó na breithiúna chun an cás a bhreithniú, tiocfaidh siad le chéile ar dháta eile lena gcinneadh a thabhairt.
  • Má chreideann na breithiúna ná raibh earráid sa bhuntriail, beidh an ciontú bunaidh fós i bhfeidhm.
  • Ní dhéanfar ciontú a chealú ach má chinneann siad go raibh earráid sa bhuntriail.
  • Má chuirtear ciontú ar ceal, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí atriail a ordú.

Cé leis le teagmháil a dhéanamh má bhíonn tuilleadh fiosruithe agat

  • Má bhíonn tuilleadh fiosruithe agat, déan teagmháil le do thoil leis an nGarda iniúchta a chuirfidh fiosruithe ar bith ar aghaidh chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Cad is achomharc i leith pianbhreithe ann?

  • Ciallaíonn achomharc i leith pianbhreithe gur chuir an duine ciontaithe i do chás achomharc isteach i gcoinne a phianbhreithe/pianbhreithe. Tá sé á rá acu go raibh an phianbhreith bhunaidh róthrom.
  • Beidh an Rannán Achomharc ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag déileáil leis an gcás.
  • Cé gur féidir le duine ciontaithe atá sa phríosún iarratas a dhéanamh ar bhannaí agus é nó í ag fanacht leis an achomharc, ní rómhinic a cheadaítear bannaí. Má cheadaítear bannaí, ní dhéantar amhlaidh ach i gcásanna eisceachtúla.
  • Nuair a bheidh an páipéarachas ar fad curtha i gcrích ag foireann dhlíthiúil an duine ciontaithe, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar dháta don éisteacht.
  • Léifidh breithiúna na Cúirte Achomharc an taifead scríofa (na tras-scríbhinní) ar an bhfianaise go léir ón mbunchúirt, ionas go mbeidh tuiscint acu ar cad a tharla go díreach ag an triail.

Cad a bheidh i gceist ag éisteacht chúirte

  • Ní chaithfidh tú freastal ar éisteacht an achomhairc, ach is féidir leat freastal uirthi más mian leat.
  • Coinneoidh an Garda iniúchta ar an eolas thú faoin achomharc.
  • Is féidir leis an nGarda iniúchta cruinniú a eagrú leis an abhcóide ionchúisimh agus aturnae roimh éisteacht an achomhairc más mian leat é sin a dhéanamh.
  • Éistfidh trí bhreitheamh an t-achomharc a bheidh ina suí sa Chúirt Achomharc (Coiriúil) a shuíonn sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBaile Átha Cliath de ghnáth.
  • Ar dháta na héisteachta éistfidh na trí bhreitheamh aighneachtaí dlíthiúla ón bhfoireann ionchúisimh agus ón bhfoireann chosanta araon.
  • Is annamh go nglaofar ar fhinnéithe ar bith chun fianaise a thabhairt ag an éisteacht seo.
  • Má theastaíonn níos mó ama ó na breithiúna chun an cás a bhreithniú, tiocfaidh siad le chéile ar dháta eile lena gcinneadh a thabhairt.
  • Féadfaidh na breithiúna a chinneadh go raibh an phianbhreith bhunaidh ceart agus mar sin ní dhéanfaidh siad athrú ar bith ar an bpianbhreith.
  • Ar an lámh eile, féadfaidh na breithiúna a chinneadh nach raibh an phianbhreith bhunaidh ceart agus mar sin féadfaidh siad an phianbhreith a laghdú nó a choigeartú.

Cé leis le teagmháil a dhéanamh má bhíonn tuilleadh fiosruithe agat

  • Má bhíonn tuilleadh fiosruithe agat, déan teagmháil le do thoil leis an nGarda iniúchta a chuirfidh fiosruithe ar bith ar aghaidh chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Cad is achomharc i leith boige mhíchuí ann?

  • Is é is achomharc i leith boige mhíchuí nuair a chreideann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go raibh an phianbhreith a gearradh ar dhuine ciontaithe i do chás róbhog agus gur chuir sé achomharc isteach.
  • Beidh an Rannán Achomharc ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag déileáil leis an achomharc seo i gcoinne boige mhíchuí.
  • Cé gur féidir le duine ciontaithe atá sa phríosún iarratas a dhéanamh ar bhannaí agus é nó í ag fanacht leis an achomharc, ní rómhinic a cheadaítear bannaí. Má cheadaítear bannaí, ní dhéantar amhlaidh ach i gcásanna eisceachtúla.
  • Socrófar dáta don éisteacht nuair a bheidh an páipéarachas ar fad curtha i gcrích ag ár nOifig.
  • Léifidh breithiúna na Cúirte Achomharc an taifead scríofa (na tras-scríbhinní) ón mbuntriail, lena n-áirítear Ráitis Tionchair Íospartaigh ar bith a rinne tú, ionas go dtuigfear cúiseanna bhreitheamh na trialach leis an bpianbhreith a thabhairt.

Cad a bheidh i gceist ag éisteacht chúirte

  • Ní chaithfidh tú freastal ar éisteacht an achomhairc, ach is féidir leat freastal uirthi más mian leat.
  • Coinneoidh an Garda iniúchta ar an eolas thú faoin achomharc.
  • Is féidir leis an nGarda iniúchta cruinniú a eagrú leis an abhcóide ionchúisimh agus aturnae roimh éisteacht an achomhairc más mian leat é sin a dhéanamh.
  • Éistfidh trí bhreitheamh an t-achomharc a bheidh ina suí sa Chúirt Achomharc (Coiriúil) a shuíonn sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBaile Átha Cliath de ghnáth.
  • Ar dháta na héisteachta, éistfidh na trí bhreitheamh aighneachtaí dlíthiúla ón bhfoireann ionchúisimh agus ón bhfoireann chosanta araon.
  • Is annamh go nglaofar ar fhinnéithe ar bith chun fianaise a thabhairt ag an éisteacht seo.
  • Ní mheasfaidh na breithiúna go bhfuil pianbhreith ‘robhog’ ach sa chás go gcreideann siad go raibh breitheamh na trialach mícheart de réir an dlí pianbhreith chomh bog sin a thabhairt.
  • Má theastaíonn níos mó ama ó na breithiúna chun an cás a bhreithniú, tiocfaidh siad le chéile ar dháta eile lena mbreithiúnas a thabhairt.
  • Féadfaidh na breithiúna an phianbhreith a mhéadú nó gan í a athrú ar chor ar bith.