Is cinneadh fíor-thábhachtach é an ndéanfar nó nach ndéanfar cás a ionchúiseamh. D’fhéadfadh sé an-dochar a dhéanamh don duine a ionchúisítear agus a gheobhfaí neamhchiontach ag tráth níos déanaí.  Ach d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an cinneadh gan cás a ionchúiseamh isteach go mór ar an bpáirtí éagóirithe agus é/í a chur faoi an-strus.  Dá bhrí sin caithfidh an DPP breithniú go han-chúramach an ndéanfar nó nach ndéanfar cás a ionchúiseamh.

Bíonn an DPP neamhspleách le linn feidhmeanna an phoist a chomhlíonadh.  Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an Rialtas ná leis na Gardaí a thabhairt ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ionchúiseamh a thionscnamh in aon chás áirithe ná ní féidir leo cosc ar chur ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí déanamh amhlaidh.

Nuair a bhíonn imscrúdú na nGardaí críochnaithe cuirtear comhad chuig an DPP. Ní mór don ionchúisitheoir an comhad a léamh go han-chúramach agus cinneadh a dhéanamh féachaint an bhfuil dóthain fianaise ann le cur os comhair na cúirte. Caithfidh an breitheamh nó an giúiré a bheith cinnte thar amhras réasúnach go bhfuil duine ciontach. Ní leor go gceapann siad gur dócha go ndearna an duine cúisithe an rud atá i gceist.

Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach eolas a bheith ann go bhfuil fianaise neamhspleách ann chun tacú le scéal an pháirtí éagóirithe. D’fhéadfadh ráiteasó fhinné a bheith i gceist, sin nó fianaise ar nós méarlorg nó rian fola a d’fhéadfadh eolas DNA a thabhairt. Nuair a bhíonnfianaise neamhspleách ann bíonn an cás níos láidre i gcomórtas le cás nach bhfuil i gceist ann ach focal duine amháin i gcoinne focal duine eile.

Easpa fianaise an chúis is minice le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh. Sa chás nach bhfuil dóthain fianaise ann le go mbeadh an chúirtcinnte thar amhras réasúnach go bhfuil duine ciontach, níéireoidh le hionchúiseamh. Ní leor go gcreidfeadh an chúirt scéal an íospartaigh. Ní mór don chúirt an scéal a chreidiúint thar amhras réasúnach.

I líon beag cásanna, cé go mbíonn an fhianaise láidir, déantar cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh ar chúiseanna eile.  Mar shampla:

  • Sa chás nach bhfuil 18 mbliana slán ag an gciontóir agus más cás é atá oiriúnach le cur faoi bhráid an Chláir Athstiúrtha d’Ógánaigh;
  • Sa chás go dtugtar rabhadh do dhuine fásta faoin Scéim Rabhaidh do Dhaoine Fásta maidir le mionchionta seachas ionchúiseamh a dhéanamh; nó
  • Sa chás gurb é leas an phobail gan ionchúiseamh a dhéanamh, mar shampla sa chás go bhfuil an ciontóir go dona easlán.

Tugtar cur síos níos mine san fhoilseacháin Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí maidir leis an gcaoi a socraíonn an DPP ionchúiseamh a dhéanamh.  Is féidir cóip den fhoilseachán sin a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifignó is féidir é a fháil ar an láithreán gréasáin ach cliceáil ar an nasc seo >> Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí.

Is cás ar leith gach cás agus ní mór gach cás a bhreithniú go cúramach.  Mura bhfuil cás áirithe casta, déanfaidh an DPP cinneadh laistigh de chúpla seachtain. D’fhéadfadh an tréimhse sin a bheith níos faide mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Cásanna casta atá i gceist;
  • Tá méid mór fianaisele breithniú;
  • Tá níos mó ná duine cúisithe amháin i gceist sa chás;
  • Teastaíonn tuilleadh eolais ón DPP sular féidir cinneadh a dhéanamh.

Déanann an DPP cásanna a ionchúiseamh thar ceann Mhuintir na hÉireann agus ní ar mhaithe le leasanna duine aonair ar leithligh. Ar an ábhar seo, ní hiad tuairimí agus leasanna an íospartaigh amháin a chaithfear a bhreithniú nuair atá cinneadh á dhéanamh i dtaobh ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh.

Ach cuirfidh an DPP san áireamh i gcónaí na hiarmhairtí don íospartach a ghabhann le cinneadh chun ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh agus breithneoidh sé aon tuairimí a nochtfaidh an t-íospartach nó teaghlach an íospartaigh.

Tá.  Féadfaidh tú iarraidh ar an DPP ar na cúiseanna a bhí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh nó ar athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin:

  • más íospartach na coireachta thú (má rinneadh an cinneadh i do chás an 16 Samhain 2015 nó ina dhiaidh sin);
  • más duine muinteartha le híospartach thú i gcás marfach (ina bhfuair duine bás an 22 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh sin);
  • más aturnae thú atá ag gníomhú thar ceann ceachtar de na daoine thuas.

Féadfaidh tú iarraidh ar achoimre ar na cúiseanna a bhí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh trí Fhoirm Iarrata ar Chúiseanna a chomhlánú. Tá an fhoirm seo ar fáil freisin ó do Stáisiún Gardaí áitiúil

Ní mór duit iarratas a dhéanamh laistigh de 28 lá tar éis an dáta a chuirtear ar an eolas thú ar an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh.  I roinnt cásanna, féadfaidh an DPP an teorainn ama seo a shíneadh.  Ní dhéanfaidh sí é seo ach má tá údar maith ann agus má théann sé chun leasa an cheartais.

Ní thabharfaidh.  Má rinne na Gardaí an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh, féadfaidh íospartach iarraidh ar na Gardaí achoimre ar na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh a thabhairt dóibh.

Ní féidir leis an DPP cúiseanna a thabhairt a bhí le cinntí a rinneadh i gcásanna ina ndéileáiltear leis an té a bhfuil amhras faoi/fúithi faoi Scéim um Rabhadh Aosach an Gharda Síochána nó faoin gClár Athstiúrtha Ógánach.  Chomh maith leis sin, ní féidir leis an DPP cúiseanna a thabhairt a bhí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh dá ndéanfaí an méid a leanas tríd an bhfaisnéis a thabhairt:

  • cur isteach ar imscrúdú leanúnach coiriúil;
  • dochar a dhéanamh do chás cúirte amach anseo;
  • sábháilteacht phearsanta aon duine a chur i mbaol;
  • slándáil an Stáit a chur i mbaol.

Is féidir. Más íospartach, nó más duine muinteartha le híospartach a fuair bás thú, agus mura bhfuil tú sásta leis an achoimre ar chúiseanna atá lenár gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh, féadfaidh tú iarraidh orainn athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcinneadh. Tabharfaidh dlíodóir nach raibh baint aige/aici leis an mbunchinneadh a dhéanamh faoin athbhreithniú.

Má athraíonn an DPP cinneadh a bhí déanta aici, is iondúil gur mar gheall ar fhianaise nua a fhoilsiú an t-athrú.

Ní féidir. Ní bhuaileann foireann Oifig an DPP le híospartaigh choireachta chun cinntí a phlé. Ach is féidir le híospartaigh choireachta scríobh chuig Oifig an DPP más mian leo aon phointe a ardú faoi chinneadh áirithe.

Ní féidir. Faoi alt 42(f) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, ní féidir aon taifid a scaoileadh seachas taifid a bhaineann le riarachán na hOifige i gcoitinne. Ciallaíonn sé sin nach féidir le daoine den phobal eolas a fháil ó chomhaid a bhaineann le cásanna ar leithligh.