Tá. Má d’iarr tú orainn cúis a thabhairt a bhí lenár gcinneadh, ní mór d’iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh laistigh de 28 lá tar éis an dáta atá ar an litir a chuireann ar an eolas thú ar an gcúis a bhí leis an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh i do chás.
Murar iarr tú orainn cúis a thabhairt a bhí lenár gcinneadh, féadfaidh tú iarraidh ar athbhreithniú fós féin. Má dhéanann tú seo, ní mór d’iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh laistigh de 56 lá (8 seachtaine) tar éis an dáta a chuirtear ar an eolas thú ar an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh.
I roinnt cásanna, féadfaidh an DPP na teorainneacha ama seo a shíneadh. Ní dhéanfaidh sí é seo ach má tá údar maith ann agus má théann sé chun leasa an cheartais.