Bunaíodh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le dlí faoin Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974. Tá Catherine Pierse, an Stiúrthóir, neamhspleách ag comhlíonadh a feidhmeanna di.

Is iad seo na dualgais atá ar an Stiúrthóir:

  • an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú sna cúirteanna thar ceann Mhuintir na hÉireann
  • ionchúisimh phoiblí a threorú agus a mhaoirsiú ar díotáil (cúisimh fhoirmiúla i scríbhinn) sna cúirteanna
  • treoir agus comhairle ghinearálta a thabhairt don Gharda Síochána (seirbhís póilíneachta na hÉireann) maidir le cásanna achoimre (cásanna níos neamh-thromchúisí a fhéadfar a éisteacht sa Chúirt Dúiche) agus
  • treoir shonrach a thabhairt don Gharda Síochána (na Gardaí) i gcásanna ina n-iarrtar í.

Soláthraíonn an Príomh-Aturnae Ionchúisimh seirbhís aturnaetha laistigh d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí thar ceann an Stiúrthóra i gcásanna a ndéileáiltear leo i mBaile Átha Cliath.

Soláthar seirbhíse lasmuigh de Bhaile Átha Cliath

Gníomhaíonn an tseirbhís Aturnaetha Stáit (32 aturnae i gcleachtadh príobháideach a bhfostaíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iad ar bhonn conartha) thar ceann an Stiúrthóra i gCúirteanna Cuarda agus, ó am go chéile, sna Cúirteanna Dúiche lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Tacaíonn na haturnaetha sin le habhcóidí príobháideacha atá ag obair don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chun cás an ionchúisimh a chur i láthair sa Chúirt Chuarda ina gcontae faoi seach.

Tríd is tríd, is ann d’Aturnae Stáit amháin in aghaidh an chontae. I gcontaetha áirithe, áfach, scoilteadh limistéir Aturnae Stáit chun tosca amhail an daonra a chur san áireamh. Mar shampla, tá Contae Chorcaí roinnte ina cheithre limistéar: Cathair Chorcaí, Corcaigh Thoir Thuaidh, Corcaigh Thoir Theas agus Corcaigh Thiar.

Féach sonraí teagmhála le haghaidh na nAturnaetha Stáit go léir.

Tá ceithre rannán ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí:

    1. An Rannán Stiúrtha – atá comhdhéanta d’ionchúisitheoirí a scrúdaíonn comhaid imscrúdaithe choiriúil agus a chinneann cé acu a thionscnófar nó nach dtionscnófar ionchúiseamh.
    2. An Rannán Aturnaetha – atá comhdhéanta d’ionchúisitheoirí agus feidhmeannaigh dhlí a ullmhaíonn agus a sheolann cásanna thar ceann an Stiúrthóra sna cúirteanna go léir a shuíonn i mBaile Átha Cliath, lena n-áirítear:
      • An Chúirt Dúiche
      • An Chúirt Chuarda
      • Na hUaschúirteanna (an Phríomh-Chúirt Choiriúil agus an Chúirt Choiriúil Speisialta)
      • Athbhreithniú Breithiúnach
      • An Chúirt Achomhairc

      Tá an tAonad Speisialta Airgeadais ar áireamh sa rannán freisin.

    3. An Rannán Seirbhísí Tacaíochta Ionchúiseamh – a chuimsíonn an tAonad Idirnáisiúnta, an tAonad Beartais agus Taighde Ionchúiseamh (lena n-áirítear na seirbhísí bainistíochta leabharlainne, faisnéise agus eolais) agus an tAonad Idirchaidrimh Íospartach.
    4. An Rannán Seirbhísí Corparáideacha – a chuimsíonn sé seo gráid agus gairmeacha ginearálta na státseirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí agus tacaíochtaí don Oifig i réimse na n-acmhainní daonna, forbairt eagraíochtúil, TF, Airgeadais, cumarsáid, rialachas agus cóiríocht.

Is féidir leat tuilleadh eolais a léamh ar obair na ceithre rannán sa chuid ‘Ár nEagraíocht’ den láithreán seo.

Féach ár gCairt Eagrúcháin.

thugann an Stiúrthóir ná a foireann comhairle dlí do dhaoine den phobal. Má bhíonn comhairle dlí uait, téigh i gcomhairle le d’aturnae.