Treoir ghairid is ea an méid seo a leanas maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil agus mínítear ann cad a tharlaíonn sna cásanna seo a leanas:

  • nuair a thuairiscítear coir
  • nuair a chuirtear comhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
  • nuair a chinneann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí duine a ionchúiseamh nó gan duine a ionchúiseamh
  • nuair a théann cás os comhair na cúirte

Más íospartach nó finné thú, tá súil againn go mbeidh an roinn seo dár suíomh úsáideach duit agus go gcuideoidh sé leat tuiscint a fháil ar an dóigh a bhfeidhmítear an córas ceartais.

Tá doiciméad a mhíníonn níos mionsonraithe conas a oibríonn an Córas Ionchúisimh in Éirinn ar fáil anseo freisin.

Imscrúdú

Cad é a tharlaíonn nuair a thuairiscíonn duine coir?

Cinneadh maidir le duine a ionchúiseamh

Cad a tharlaíonn nuair a chuirtear comhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí? Conas a thagann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ar chinneadh maidir le duine a ionchúiseamh?

An duine cúisithe a chúiseamh

Cad a tharlaíonn i ndiaidh do na Gardaí an duine cúisithe a chúiseamh? Cad iad na cúirteanna ar féidir leo cásanna coiriúla a éisteacht?

An Cás Cúirte

Cad iad na daoine ar féidir leo bheith ina bhfinné i gcás coiriúil? An féidir liom an Leabhar Fianaise a fheiceáil? An bhfuil cúiseanna ar bith ann lena bhféadfadh sé nach
rachadh triail ar aghaidh?

Íospartaigh na coireachta

Cad a tharlaíonn ag cruinniú réamhthrialach? An féidir liom gan m’ainm a thabhairt agus m’fhianaise á tabhairt agam? Cén dóigh a bhfaigheann an breitheamh amach faoin
tionchar a bhí ag an gcoir orm?

Pianbhreith a chur agus achomhairc

Má chinneann an giúiré go bhfuil an duine cúisithe ciontach, caithfidh an breitheamh an phianbhreith ba cheart a chur a chinneadh. An féidir leis an duine cúisithe an phianbhreith a thug an breitheamh dó nó di a achomharc? An féidir leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an phianbhreith a achomharc?

An Córas Ionchúisimh in Éirinn

Doiciméad a sholáthraíonn níos mó sonraí faoin tSeirbhís Ionchúisimh in Éirinn, agus an obair atá ar siúl faoi láthair ag na ‘ionchúisitheoirí’ éagsúla i gcóras ionchúisimh na hÉireann.

Cearta daoine faoi amhras agus na daoine atá cúisithe

Litir faoi Chearta, anois go bhfuil Toghairthe chun na Cúirte ort.

Litir um Chearta – Ghabh na Gardaí tú agus tá cearta dleathacha agat agus tú faoi choimeád an Gharda Síochána.