Más íospartach na coireachta tú féin nó duine de do theaghlach nó má chonaic tú coir á déanamh, beidh tú páirteach sa chóras ceartais choiriúil. D’fhéadfá a bheith trína chéile agus a bheith faoi strus mar gheall air sin. Cheapfá go bhfuil an córas ceartais choiriúil an-chasta, go háirithe má tá tú ag déileáil le héifeachtaí na coire féin chomh maith.

Baineann an roinn seo dár suíomh gréasáin go sonrach le híospartaigh agus finnéithe agus tugtar iarraidh ann freagairt a thabhairt ar na ceisteanna is minice a chuireann daoine orainn. B’fhéidir go mbeadh sé úsáideach duit chomh maith ár dhá leabhrán a léamh The Role of the DPP agus Going to Court as a Witness. Is féidir leat cóipeanna priontáilte de na leabhráin sin a iarraidh chomh maith tríd an nguthán +353 (0)1 858 8500 nó le ríomhphost chuig: dpp@dppireland.ie.

An dóigh a ndéanaimid cinntí maidir le hionchúiseamh

Tá an cinneadh maidir le duine a ionchúiseamh nó gan duine a ionchúiseamh an-tábhachtach. Cén dóigh a gcinnimid? Cad é a bhreithnímid?

Cinneadh gan duine a ionchúiseamh

An dóigh le cúiseanna ar chinntí agus ar athbhreithnithe cinntí a iarraidh nuair a chinneann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan duine a  ionchúiseamh.

Cásanna Marfacha

Léigh ár mbeartais maidir le cúiseanna a thabhairt le cinntí gan duine a ionchúiseamh i gcásanna marfacha.

Ráiteas tionchair íospartaigh a dhéanamh

Is éard is Ráiteas Tionchair Íospartaigh ann cuntas i d’fhocail féin ar an tionchar a bhí ag an gcoir ort.

Faisnéis Achomhairc

Breathnaigh eolas mar gheall ar Achomharc Chiontú, Achomharc Pionós, agus Achomharc Píonós Ró-Éadrom agus cad a bheith ag súil ag na Éisteachtaí Achomharc.

Cairt Íospartach

Cad is féidir leat bheith ag súil leis ónár nOifig? Cad is féidir leat a dhéanamh mura mbíonn tú sásta linn.

Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta

Líne chabhrach náisiúnta rúnda is ea an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta a thairgeann tacaíocht d’íospartaigh na coireachta in Éirinn.

Teagmhála úsáideacha

Liosta de theagmhálacha úsáideacha d’íospartaigh na coireachta.

Beartas na ngearán:

Conas is féidir leat gearán a dhéanamh faoi na seirbhísí a sholáthraíonn Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí a theann i gcion go díreach ort.

Leabhráin faisnéise d’íospartaigh agus d’fhinnéithe

Íoslódáil leabhráin maidir le ról an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, ag dul chun na cúirte mar fhinné, an dóigh a ndéanaimid cinntí maidir le hionchúisimh, ráiteas tionchair íospartaigh a dhéanamh, agus nithe eile.