Beartas ar Chúiseanna a Thabhairt le Cinntí Gan Ionchúiseamh a Dhéanamh i Gcásanna Marfacha

Baineann an beartas seo le cúiseanna a bhí le cinntí gan ionchúiseamh a dhéanamh i gcásanna marfacha amháin, agus rinneadh an beartas an 22 Deireadh Fómhair 2008.  Tháinig an beartas maidir le cúiseanna a thabhairt gan ionchúiseamh a dhéanamh i ngach cás eile i bhfeidhm an 16 Samhain 2015 agus tá sé leagtha amach inár leabhrán ar Conas Cúiseanna agus Athbhreithnithe a Iarraidh.

An 22 Deireadh Fómhair 2008 thug Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí isteach athrú ar an bpolasaí maidir le cúiseanna nach ndéantar ionchúiseamh a nochtadh.

Is ar an mbonn seo a leanas a chuirfear an polasaí sin i bhfeidhm:

  1. Baineann an polasaí le cionta líomhnaithe i gcásanna inar tharla bás duine agus leo sin amháin, ina measc:
    • dúnmharú
    • dúnorgain
    • naíonmharú
    • bás sa láthair oibre
    • tionóiscí marfacha bóthair
  2. Tugtar na cúiseanna nach ndearnadh ionchúiseamh, nó nár leanadh ar aghaidh le hionchúiseamh do pháirtithe a bhfuil ceangal dlúth acu leis an té a fuair bás, ach na cúiseanna sin a iarraidh, mar shampla:
    • daoine de mhuintir nó de theaghlach an té a fuair bás;
    • comhairleoirí dlí nó leighis dá gcuid; nó
    • oibrithe sóisialacha atá ag obair ar a son.
  3. Ní luaitear cúiseanna ach amháin sa chás gur féidir sin a dhéanamh gan éagóir a tharraingt ar dhuine eile. Thiocfadh sin i gceist i gcásanna ina dtarlódh, de bharr cúis a lua:
    • go mbeadh finné ionchais nó duine eile á chur i mbaol éagóra, mar shampla baint óna gclú;
    • go nochtfaí foinsí rúnda a bheith ar fáil nó an té atá ina fhoinse rúnda nó go nochtfaí modhanna nó nósanna rúnda a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí; nó
    • go mbeadh tionchar na míbhuntáiste ar chur i bhfeidhm an dlí.
  4. Ba cheart go mbeadh an chúis a luaitear sách mionsonraithe, nuair is féidir sin, agus go mbeadh ar chumas an pháirtí leasmhar an fáth a bhí leis an gcinneadh a thuiscint.
  5. Baineann an polasaí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh nó le cinneadh gan leanúint le hionchúiseamh i gcás cionta a mbaineann bás leo agus ar ar an 22 Deireadh Fómhair 2008.
  6. Is i scríbhinn a chuirfear na cúiseanna le cinntí in iúl do pháirtithe leasmhara. Níl i gceist, leis an athrú seo ar an bpolasaí, go mbeadh scóip ann le cruinnithe ar aon láthair leis na páirtithe leasmhara a thairiscint.  Ba cheart don té a thagann faoi scáth alt 2 thuas agus ar mhaith leis fios a bheith aige cén chúis nach ndearnadh ionchúiseamh nó nár leanadh ar aghaidh le hionchúiseamh scríobh go dtí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Bóthar na hOtharlainne, Baile Átha Cliath 7.
  7. Is den tábhacht go dtugtar chun aire nach gcuirtear aon athrú leis an bpolasaí nua seo ar chearta seanbhunaithe an íospartaigh agus a dhaoine muinteartha agus go dtagann an polasaí nua sa bhreis ar na cearta sin:
    • a iarraidh ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh ionchúisimh
    • freastal ar chruinniú leis an bhfoireann ionchúisimh sula ndéantar an cás a thriail
    • a iarraidh go n-éileodh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú mar gheall ar phianbhreith is boige ná mar ba chóir

Breis Eolais