Comhlíonann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí na Rialacháin thuas a thrasuíonn Treoir 2003/98/CE sa dlí.  Leagann an Treoir creat comhchuibhithe amach inar féidir faisnéis ón earnáil poiblí ó áiteanna ar fud an Aontais Eorpaigh a mheas agus a athúsáid, agus tugaimid spreagadh an fhaisnéis seo a chuirimid ar fáil a athúsáid.

Tá an fhaisnéis go léir a bhíonn ar ár láithreán gréasáin faoi réir chóipcheart Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, mura léirítear a mhalairt. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo a úsáid saor ó tháille in aon fhormaid gur mian leat.

Áirítear le hathúsáid cóipeáil, cóipeanna a chur ar fáil don phobal, foilsiú, craoltóireacht agus aistriú isteach i dteangacha eile. Clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtala freisin. Féadfar faisnéis agus cáipéisí ón láithreán gréasáin seo a athchruthú nó a athúsáid faoi réir ag téarmaí an cheadúnais is deireanaí d’Fhaisnéis na hEarnála Poiblí ag www.psi.gov.ie.

Tá athúsáid faoi réir ag na coinníollacha seo a leanas. Caithfidh tú:

  • Aitheantas a thabhairt don fhoinse agus dár gcóipcheart i gcásanna go gcuireann tú an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile
  • an fhaisnéis a chur ar fáil arís go cruinn
  • gan an fhaisnéis a úsáid go míthreorach
  • gan an fhaisnéis a úsáid ar mhaithe go príomha le bolscaireacht a dhéanamh faoi tháirge nó faoi sheirbhís áirithe nó iad a chur chun cinn
  • gan an fhaisnéis a úsáid chun tacú le cúinsí mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta.

Níl Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí faoi dhliteanas ag aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann le faisnéis a fhoilsítear ar a láithreán gréasáin a athúsáid. Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go ndéantar uasghrádú rialta ar an bhfaisnéis ar an láithreán gréasáin agus go bhfuil sí cruinn ní thugann an Oifig deimhniú go bhfuil sí cothrom le dáta nó saor ó earráid.

Ní údaraíonn Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí aon úsáideoir chun cearta eisiacha a bheith aige/aici aon chuid den fhaisnéis a fhoilsítear ar an láithreán gréasáin a athúsáid.

Mionsonraí faoin Fhaisnéis a Fhoilsítear ar an Láithreán Gréasáin

Maidir Linne

Sa rannán seo áirítear:

  • Cairt Eagrúcháin na hOifige
  • Creat an Phróisis Ionchúiseamh Choiriúil

Mionsonraí Teagmhála

Sa rannán seo áirítear:

  • Mionsonraí teagmhála d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, do Phríomh-Aturnae an Stáit agus do dhlíodóirí stáit áitiúla ar fud na hÉireann.

Maidir Le híospartaigh & Le Finnéithe

Sa rannán seo áirítear:

  • Brief Guide to the Criminal Justice System
  • An Cinneadh Maidir le hIonchúiseamh a Dhéanamh
  • Cúiseanna le Cinntí
  • Cód Eitice
  • Cabhairlíne d’Íospartaigh Choire
  • Finnéithe Óga
  • Ráiteas Tionchair Íospartaigh a Dhéanamh
  • Cairt an Íospartaigh
  • Gearáin
  • Sonraí Teagmhála

Foilseacháin

Sa rannán seo áirítear:

  • Tuarascála Bhlianthúil
  • Pleananna Stratéiseacha
  • Leabhráin Eolais
  • Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí
  • Na Treoracha / Polasaí
  • Ardchaighdeán Seirbhíse
  • Foilseacháin Eachtracha

Na Meáin

Sa rannán seo áirítear:

  • Preasráitis
  • Speeches / Conference Papers

An tacht Um Shoaráil Faisnéise & Rialacháin

Sa rannán seo áirítear:

  • Fógra Díolúine
  • Leabhar Tagartha an Achta um Shaoráil Faisnéise
  • Foirm Iarratais Shaoráil Faisnéise

Gairmeacha Beatha

Sa rannán seo áirítear:

  • Faisnéis faoi bheith ag obair don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
  • An fhaisnéis is deireanaí faoi fhollúntais

Leabhráin Fhaisnéise – Teanga Iasachta

Sa rannán seo áirítear:

  • Aistriúcháin ar na Leabhráin Fhaisnéise ‘Ról an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí’ agus ‘Ag freastal ar Chúirt mar Fhinné’ sna teangacha seo a leanas:
  1. Araibis
  2. Fraincis
  3. Laitvis
  4. Liotuáinis
  5. Sínis (Mandairínis)
  6. Polainnis
  7. Portaingéilis [Brasaíleach]
  8. Rómánais
  9. Rúisise
  10. Spáinnis

Cad Tá Nua

Sa rannán seo áirítear:   

  • Nuashonrú Nuachta agus Faisnéis

Tuilleadh Faisnéise

Cuirfear tuilleadh faisnéise faoi athúsáid faisnéise a fhoilsíonn Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ón:

Aonad Cumarsáide
Teileafón :  +353 (0)1 858 8500

Ríomhphost:  gaeilge@dppireland.ie