RÉAMHRÁ

Tháinig an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018, in éifeacht an 25 Bealtaine 2018. Déanann an tAcht na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 a leasú.

Leis an Acht, tugtar éifeacht do Rialachán (AE) 2016/679 - rud ar a dtugtar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) go coitianta - agus do Threoir (AE) 2016/680, rud a bhfuil feidhm aige maidir le hionchúisitheoirí, le Gardaí agus le daoine eile sa chóras ceartais choiriúil.

Is é aidhm an Achta príobháideachas daoine a chosaint. Leis an Acht, tugtar cearta do dhaoine aonair i dtaca le príobháideachas a sonraí pearsanta. Anuas air sin, leagtar freagrachtaí ar dhaoine aonair agus/nó ar eagraíochtaí a dhéanann na sonraí sin a shealbhú agus a phróiseáil.

Ós rud é go bpróiseálann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí sonraí pearsanta, tá oibleagáidí áirithe uirthi faoin Acht. Tugtar míniú sa ráiteas seo ar na hoibleagáidí sin agus ar conas a chloífimid leo.  Ní phléitear inti le gach cás a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus ní thugtar comhairle dlí inti ach oiread.  Má mheasann tú go dteastaíonn comhairle dlí uait, ba cheart duit labhairt le haturnae. 

Cinneann an Stiúrthóir cé acu a ionchúiseofar duine i gcásanna coiriúla nó nach n-ionchúiseofar. Is le coireanna tromchúiseacha amhail dúnmharú, dúnorgain, cionta gnéasacha nó teagmhais mharfacha ar bhóithre a bhaineann formhór na gcásanna a ndéileálann an Stiúrthóir leo. Cinneann an Oifig freisin cé na cúiseanna ba cheart a bheith ann.  A luaithe a thosaíonn an t-ionchúiseamh, is é Oifig an Stiúrthóra atá freagrach as cás an ionchúisimh.

Gníomhaíonn an Príomh-Aturnae Ionchúisimh mar aturnae don Stiúrthóir agus tá sé ar an gceannaire ar an Rannán Aturnaetha in Oifig an Stiúrthóra freisin. Déanann foireann an Rannáin Aturnaetha ionadaíocht don Stiúrthóir i gcúirteanna i mBaile Átha Cliath.  Déanann aturnaetha stáit áitiúla ionadaíocht don Stiúrthóir i gcásanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Le linn dóibh cinntí a dhéanamh, is neamhspleách atá an Stiúrthóir agus na haturnaetha in Oifig an Stiúrthóra. Déanann siad cinntí i gcásanna coiriúla tromchúiseacha ar bhonn comhad imscrúdaithe a sheolann gníomhaireacht imscrúdaitheach, an Garda Síochána de ghnáth, chuig an Oifig. Tugtar sonraí faoi amhrastaigh, faoi íospartaigh agus faoi fhinnéithe sna comhaid sin.

I gcásanna coiriúla nach bhfuil chomh tromchúiseach sin, déanann an Garda Síochána cinntí ar cé acu a ionchúiseofar an duine nó nach n-ionchúiseofar. I gcás go dtarlaíonn sé sin, ní sheolann an Garda Síochána comhad chuig an Stiúrthóir. Mar sin de, ní bheidh sonraí faoi amhrastaigh, íospartaigh nó finnéithe i seilbh an Stiúrthóra sna cásanna sin.

Tháinig an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018, in éifeacht an 25 Bealtaine 2018. Déanann an tAcht na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 a leasú.

Leis an Acht, tugtar éifeacht do Rialachán (AE) 2016/679, rud ar a dtugtar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) go coitianta, agus a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil agus le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Tugtar éifeacht leis an Acht freisin do Threoir (AE) 2016/680, a bhaineann le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla (amhail Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí) chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Sonraítear ról na rialaitheoirí agus na bpróiseálaithe san Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Rialaitheoir sonraí is ea Oifig an Stiúrthóra.  Fágann sé sin go gcinneann an Oifig cuspóir na sonraí pearsanta a fhaigheann sí agus conas a phróiseálfar iad.

Is iad páirtithe seachtracha amhail Abhcóidí agus Aturnaetha Stáit a dhéanann roinnt d’obair Oifig an Stiúrthóra. Próiseálann na páirtithe sin sonraí pearsanta thar ceann Oifig an Stiúrthóra.  Dá bharr sin, is próiseálaithe iad.  Ceanglaítear ar gach duine de na próiseálaithe sin gan gníomhú ach de bhun threoracha an Stiúrthóra mar rialaitheoir agus ceanglaítear orthu na hoibleagáidí atá orthu a chomhlíonadh i dtaca le húsáid na sonraí pearsanta sin faoin Acht.

Is le cionta coiriúla a ionchúiseamh nó le gnáthriarachán na hOifige a bhaineann na sonraí pearsanta a phróiseálann Oifig an Stiúrthóra.

Áirítear na nithe seo le roinnt de na catagóirí sonraí a phróiseáiltear i dtaca le cionta coiriúla a ionchúiseamh:

  • Sonraí amhrastach
  • Sonraí íospartach
  • Sonraí finnéithe
  • Sonraí pearsanta geallsealbhóirí, lena n-áirítear Aturnaetha Stáit, Gardaí, Abhcóidí agus Seirbhísí Cúirte
  • Torthaí ar ionchúisimh a rinneadh in aghaidh amhrastaigh ar leith

Áirítear na nithe seo le samplaí de roinnt de na catagóirí sonraí a phróiseálann Oifig an Stiúrthóra i dtaca le riarachán ginearálta na hOifige:

  • Íocaíochtaí a rinneadh le soláthraithe seirbhíse éagsúla
  • Sonraí foirne

Cloífidh Oifig an Stiúrthóra leis na Rialacha um Chosaint Sonraí agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aici. Leis na rialacha, ceanglaítear orainn:

  • Na sonraí a phróiseáil go dleathach agus go cothrom
  • Na sonraí a bhailiú ar cheann amháin nó níos mó de chuspóirí sonraithe amháin agus iad a phróiseáil ar bhealaí atá comhoiriúnach leis an gcuspóir nó na cuspóirí sin
  • A chinntiú go bhfuil na sonraí leordhóthanach agus ábhartha agus nach bhfuil siad iomarcach
  • A chinntiú go bhfuil na sonraí cruinn agus, nuair is gá, go gcoinnítear cothrom le dáta iad
  • A chinntiú go ndéantar sonraí atá míchruinn a scriosadh nó a cheartú gan mhoill
  • Na sonraí a choimeád ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse a theastaíonn le haghaidh an cuspóir sonraithe a chomhlíonadh
  • Na sonraí a choinneáil slán sábháilte agus iad a chosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chaillteanas, díothú nó damáiste a dhéantar de thaisme

Tá an ceart ag duine aonair a bhfuil a shonraí pearsanta á bpróiseáil ag an Stiúrthóir eolas a bheith aige orthu seo:

  • cén fáth a bhfuil na sonraí á bpróiseáil;
  • na catagóirí sonraí pearsanta atá á bpróiseáil;
  • na tríú páirtithe, más ann, ar nochtadh na sonraí dóibh;
  • cá fhad a choinneoidh an Stiúrthóir na sonraí.

Más mian le duine aonair eolas a fháil ar a sonraí pearsanta, féadfaidh sé Iarraidh ar Rochtain Ábhair a dhéanamh.

Ní mór iarrataí a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí in Oifig an Stiúrthóra (féach na sonraí teagmhála thíos).

Ní mór d’iarratasóirí cruthúnas aitheantais a chur ar fáil, amhail cóip dá gceadúnas tiomána nó dá bpas. Is amhlaidh sin chun a chinntiú go bhféadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an t-iarratasóir a shainaithint go soiléir agus a shonraí pearsanta a aimsiú.

Tabharfar freagra d’iarrataí bailí laistigh de mhí amháin ó iad a fháil. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh i gcúinsí áirithe.  Ní ghearrtar aon táille as iarratas a dhéanamh.

Féadfaidh duine aonair iarraidh ar an Stiúrthóir freisin aon sonraí pearsanta a mheasann sé a bheith míchruinn agus atá i seilbh an Stiúrthóra a cheartú nó a scriosadh – gan sonraí pearsanta a choimeádtar i ráitis finné a áireamh.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhféadfar ach sonraí pearsanta a bhaineann le hiarratasóir aonair a chur ar fáil. Ní fhéadfaidh an Stiúrthóir faisnéis phearsanta a bhaineann le duine aonair eile a chur ar fáil.  Ceadaítear eisceachtaí i roinnt cásanna ina n-iarrann tuismitheoirí nó caomhnóirí sonraí pearsanta a bhaineann lena leanaí. Féadfaidh aturnae iarraidh a dhéanamh thar ceann cliaint freisin. Ní mór dó a thaispeáint, áfach, gur údaraigh an cliant an iarraidh.

Tá roinnt srianta ann ar an gceart atá ag duine aonair chun sonraí pearsanta atá i seilbh an Stiúrthóra a rochtain. Mar shampla, ní fhéadfar sonraí pearsanta a eisiúint más rud é:

  • go ndéanfaí dochar do chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh dá n-eiseofaí iad;
  • go ndéanfaí dochar do phionóis choiriúla a fhorghníomhú dá n-eiseofaí iad;
  • gur faoi phribhléid dhlíthiúil atá aon fhaisnéis a iarrtar.

I gcás go gcinneann Oifig an Stiúrthóra ceart duine aonair chun sonraí pearsanta a rochtain a shrianadh, féadfaidh an duine aonair achomharc a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in aghaidh an chinnidh.

Ní mór d’Oifig an Stiúrthóra taifead a choinneáil ar na cúiseanna atá le cinntí ar rochtain ar fhaisnéis a shrianadh. Féadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí a iarraidh am ar bith go dtaispeánfaí an taifead sin dó.

Is ar feadh i bhfad a choimeádann Oifig an Stiúrthóra na sonraí a bhaineann le cásanna ionchúisimh. Is amhlaidh sin mar go bhféadfadh go mbeadh fianaise ag teastáil sa todhchaí i gcás cás cúirte níos déanaí.

Is féidir dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí d’Oifig an Stiúrthóra ag an seoladh seo:

An tOifigeach Cosanta Sonraí
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne
Baile Átha Cliath 7

Teil.: +353 (0)1 858 8600
R-phost: data.protection@dppireland.ie

Tabharfar tuairisc lom láithreach ar shárú ar chosaint sonraí don Oifigeach Cosanta Sonraí in Oifig an Stiúrthóra. Laistigh de 72 uair ó eolas a fháil ar an sárú, tabharfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí fógra don Choimisiún um Chosaint Sonraí de réir mar is cuí.

Déanfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí teagmháil freisin leis an duine aonair ar cuireadh a shonraí i mbaol chun é a chur ar an eolas faoin sárú.

Tá Oifig an Stiúrthóra faoi réir maoirseacht ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí i dtaca le nithe cosanta sonraí. Féadfaidh an Coimisiún iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil Oifig an Stiúrthóra ag comhlíonadh na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Féadfaidh daoine aonair ar mian leo gearán a dhéanamh dul i dteagmháil an Choimisiún Cosanta Sonraí ag an seoladh seo:

Coimisiún Cosanta Sonraí
21 Cearnóg Mhic Liam
Baile Átha Cliath 2
D02 RD28

Teil.: +353 (0)57 868 4800 nó 0761 104 800
Gréasán: www.dataprotection.ie

PRÍOMH-SHAINMHÍNITHE

Míniúcháin ar roinnt de na príomhthéarmaí a úsáidtear san Acht um Chosaint Sonraí, 2018, iad na nithe seo a leanas:

Ciallaíonn sonraí sonraí uathoibrithe agus sonraí de láimh.

Ciallaíonn córas comhdúcháin iomchuí aon tacar faisnéise a struchtúraítear faoi threoir daoine aonair nó faoi threoir critéar a bhaineann le daoine aonair, ar shlí go mbeidh faisnéis shonrach a bhaineann le duine aonair áirithe inrochtana go réidh.

Ciallaíonn sonraí pearsanta sonraí a bhaineann le duine aonair beo a aithnítear nó is féidir a aithint ó na sonraí nó ó na sonraí i dteannta faisnéise eile atá i seilbh an rialaitheora sonraí nó is dócha a thiocfaidh i seilbh an rialaitheora sonraí.

Ciallaíonn Ábhar Sonraí duine aonair is ábhar do shonraí pearsanta.

Ciallaíonn Rialaitheoir duine a rialaíonn (cibé ina aonar nó le daoine eile) inneachair agus úsáid sonraí pearsanta.

Ciallaíonn Próiseálaí duine a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann rialaitheora sonraí ach ní fholaíonn sé fostaí de chuid rialaitheora sonraí a phróiseálann sonraí den sórt sin i gcúrsa a chuid fostaíochta.

Ciallaíonn próiseáil aon oibríocht nó sraith d’oibríochtaí a dhéanamh ar na sonraí, cibé acu ar mhodh uathoibríoch nó nach ea, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

  • na sonraí a bhailiú, a thaifeadadh, a eagrú, a struchtúrú nó a stóráil
  • na sonraí a oiriúnú nó a athrú
  • na sonraí a aisghabháil, a scrúdú nó a úsáid
  • na sonraí a nochtadh trí na sonraí a tharchur, a scaipeadh nó a chur ar fáil ar shlí eile
  • na sonraí a ailíniú, a chur le chéile, a bhacadh, a scriosadh nó a dhíothú.