Urramaíonn Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí cearta agus príobháideachais úsáideoirí ár suímh ghréasáin.  Mar riail ghinearálta, ní bhailímid faisnéis phearsanta de chineál ar bith ó chuairteoirí ar ár suíomh gréasáin.  Má fhaighimid faisnéis phearsanta, úsáidfimid í chun na críocha ar cuireadh ar fáil í amháin.  Ní chomhroinnimid faisnéis a fhaighimid le tríú páirtithe ar bith.

Comhaid bheaga sonraí is ea iad fianáin a chuirtear ar do ghléas nuair a bhíonn tú ag brabhsáil ar líne. Tá siad caighdeánach ar fud fhormhór na suíomhanna gréasáin agus ní bhíonn tionchar acu ar do ghléas. Le fianáin oibríonn suíomhanna gréasáin ar bhealach níos éifeachtaí agus cuirtear faisnéis ar fáil d’úinéirí an tsuímh. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil faoi fhianáin ag: http://ec.europa.eu/ipg/basics/legal/cookies/index_en.htm.

Úsáidimid fianáin seisiúin ar fianáin shealadacha iad agus críochnaíonn siad nuair a fhágann tú ár suíomh gréasáin. An chéad am eile a thabharfaidh tú cuairt ar ár suíomh gréasáin, beidh tú i do chuairteoir úr ar fad. Ní stórálann na fianáin seo aon sonraí pearsanta.

Úsáidimid faisnéis ar bith a bhailímid chun críocha staidrimh agus riaracháin amháin.  Ní dhéanfaidh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí iarracht ar bith cuairteoirí aonair a aithint, nó na sonraí teicniúla atá liostaithe thuas a cheangal le duine aonair ar bith in imscrúdú ar úsáid mhíchuí nó mhailíseach ar bith as suíomh gréasáin Oifig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí féin.  Is é beartas na hOifige gan faisnéis theicniúil ar bith a nochtadh i ndáil le cuairteoirí aonair ar an suíomh gréasáin chuig tríú páirtí ar bith, mura bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann maidir le nochtadh dá leithéid a dhéanamh.