Is ionann Aturnaetha Stáit agus aturnaetha a oibríonn i gcleachtadh príobháideach agus a fhostaítear ar bhonn conartha chun gníomhú thar ceann an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Lasmuigh de limistéar Bhaile Átha Cliath, soláthraíonn 30 Aturnae Stáit seirbhís aturnae don Stiúrthóir i leith nithe i gCúirteanna Cuarda agus i leith nithe áirithe i gCúirteanna Dúiche. Tríd is tríd, is ann d’Aturnae Stáit amháin in aghaidh an chontae. I gcontaetha áirithe, áfach, scoilteadh limistéir Aturnae Stáit chun tosca amhail an daonra a chur san áireamh. Mar shampla, tá Contae Chorcaí roinnte ina cheithre limistéar: Cathair Chorcaí, Corcaigh Thoir Thuaidh, Corcaigh Thoir Theas agus Corcaigh Thiar.

Nuair a thagann folúntais chun cinn d’Aturnaetha Stáit, fógraímid iad i nuachtáin náisiúnta agus ar an suíomh Gréasáin seo. Iarrtar iarratais agus déantar ceapachán tar éis próiseas roghnúcháin iomaíoch.