Má fhaigheann an giúiré an cúisí ciontach, bíonn ar an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh i dtaobh cén phianbhreith is ceart a ghearradh. Ní móide go ndéanfadh an breitheamh sin ar an toirt. Is iondúil go socraíonn sé nó sí dáta is faide anonn d’fhógairt na pianbhreithe. Sin ionas gur féidir le hoifigigh phromhaidh, oibrithe sóisialta, dochtúirí, síciatraithe nó na Gardaí (ag brath ar gach cás ar leithligh) tuarascálacha a ullmhú. Cabhraíonn an tuarascálacha seo leis an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh maidir leis an bpianbhreith. D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh Tuarascáil maidir le Tionchar ar an Íospartach ann, ina ndéantar cur síos ar an éifeacht a bhí ag an gcion ar an íospartach.

Is féidir. Bíonn an tslí ina ndéanann an cúisí sin ag brath ar an áit inar seoladh an triail bhunaidh.

Má seoladh an triail i gCúirt Dúiche, is féidir leis an gcúisí:

  • Achomharc i gcoinne an chiontaithe nó na pianbhreithe a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda; agus
  • Athéisteacht iomlán a fháil ar an gcás, rud a chiallaíonn go mbeadh ort freastal sa chúirt arís mar fhinné.

Má seoladh an triail sa Chúirt Chuarda, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil nó san Chúirt Choiriúil Speisialta, is féidir leis an gcúisí achomharc i gcoinne na pianbhreithe nó an chiontaithe a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc (Coiriúil). Sa chúirt seo:

  • Suíonn triúr Breitheamh Cúirte Achomhairc le chéile chun an t-achomharc a éisteacht; agus
  • Léann an breithiúna scríbhinn den triail bhunaidh in ionad an fhianaise a éisteacht arís.

De ghnáth, ní mór don chúisí fanacht i bpríosún fad atá sé nó sí ag fanacht leis an gcás a bheith ann sa Chúirt Achomhairc (Coiriúil).

Is féidir leat níos mó a léamh faoi chiontú agus achomhairc pianbhreithe anseo.

Is féidir, ach ní féidir sin a dhéanamh ach amháin i gcás inar seoladh an triail sa Chúirt Chuarda, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil nó sa Chúirt Choiriúil Speisialta. Ní féidir leis an DPP achomharc a dhéanamh i gcoinne pianbhreithe ón gCúirt Dúiche.

Is féidir leis an DPP a iarraidh ar an gCúirt Achomhairc Choiriúil athbhreithniú a dhéanamh ar phianbhreith a cheapann sí a bheith ‘róthrócaireach’.Ní chuirfidh an Chúirt Achomhairc le pianbhreith de bharr go gceaptar nach bhfuil an phianbhreith sách fada. Ní mhéadófar an pianbhreith ach amháin sa chás go gceaptar nach raibh an ceart ag breitheamh na trialach ó thaobh dlí agus pianbhreith chomh gearr á ghearradh. Ní mór dó/di sin a dhéanamh laistigh de 28 lá ón dáta angearrannan breitheamh an phianbhreith air/uirthi. I roinnt cásanna, féadann an DPP iarratas a dhéanamh ar bhreis ama chun athbhreithniú a iarraidh ach ní rachaidh an tréimhse sin thar 56 lá.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi achomhairc i leith boige míchuí anseo.

De réir an dlí, ní féidir leat a iarraidh ar an DPP achomharc a dhéanamh i gcoinne pianbhreithe ach amháin más rud é:

  • gur íospartach coireachta tú;
  • gur duine de theaghlach íospartaigh coireachta tú;
  • gur duine cúisithe tú; nó
  • gur duine de theaghlach duine chúisithe tú.

Ina theannta sin, is féidir le dochtúirí, dlíodóirí agus oibrithe sóisialta a iarraidh ar an DPP, thar ceann a gcliant, achomharc a dhéanamh i gcoinne pianbhreithe.

Léifidh na breithiúna taifead scríofa na trialach d’fhonn na húdair a bhí ag breitheamh na trialach le pianbhreith áirithe a ghearradh a léiriú. Ní mheasfaidh siad pianbhreith a bheith ‘róthrócaireach’ ach amháin i gcás ina gcreideann siad go ndearna breitheamh na trialach botún ar phonc dlí.

Ní leasóidh breithiúna cúirte achomhairc pianbhreith ar an mbonn amháin gur dóigh leo an phianbhreith a bheith róbhog nó mar gheall gur pianbhreith eile a bheadh gearrtha acu féin. Dá bhrí sin, is léir nach n-éireoidh le hachomharc ach amháin i líon beag cásanna.