Nuair a thugann tú coir thromchúiseach le fios, fiosróidh na Gardaí í agus seolfaidh siad comhad chuig Oifig an DPP. Ansin léifimid an comhad go bhfeicfimid an bhfuil dóthain fianaise ann chun duine a ionchúiseamh don choir. Chomh maith leis sin, déanfaimid a mheas cé acu an dtéann nó nach dtéann sé chun leasa an phobail an cás a thabhairt chun na cúirte. Má théann, déanfaimid cinneadh ar an méid a bheidh sna cúisimh.

Cinneadh tromchúiseach atá sa chinneadh chun ionchúiseamh a dhéanamh. Féadfaidh sé tionchar marthanach a imirt ar íospartach na coire agus an duine a cúisíodh. Ní féidir ach leis an DPP nó duine dár ndlíodóirí an cinneadh a dhéanamh chun cé acu ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh i gcásanna tromchúiseacha – mar shampla, dúnmharú, dúnorgain, cionta gnéasacha nó teagmhais mharfacha bhóithre.

Féadfaidh na Gardaí an cinneadh a dhéanamh chun ionchúiseamh a dhéanamh i gcás coireanna nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna. Déantar an t-ionchúiseamh in ainm an DPP, fós féin, áfach, agus tá an ceart ag an DPP insint do na Gardaí conas déileáil leis an gcás.

Gníomhaíonn Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí go neamhspleách nuair a dhéanann siad cinneadh cé acu chun ionchúiseamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh. Ciallaíonn seo nach féidir le haon duine – an Rialtas fiú amháin – insint dúinn cé acu ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh i gcás.

Má dhéanaimid an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh, tabharfaimid achoimre duit ar na cúiseanna a bhí lenár gcinneadh má iarrann tú amhlaidh.

Féadfaidh tú iarraidh orainn achoimre ar chúiseanna a thabhairt duit:

  • más íospartach na coireachta thú (má rinneadh an cinneadh i do chás an 16 Samhain 2015 nó ina dhiaidh sin);
  • más duine muinteartha le híospartach thú i gcás marfach (ina bhfuair duine bás an 22 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh sin);

D’fhéadfadh cásanna a bheith ann nach féidir linn achoimre ar chúiseanna a thabhairt mar gheall ar shaincheist dhlíthiúil.   Má tharlaíonn seo, míneoimid seo duit.

Is féidir. Más íospartach, nó más duine muinteartha le híospartach a fuair bás thú, agus mura bhfuil tú sásta leis an achoimre ar chúiseanna atá lenár gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh, féadfaidh tú iarraidh orainn athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcinneadh. Tabharfaidh dlíodóir nach raibh baint aige/aici leis an mbunchinneadh a dhéanamh faoin athbhreithniú.

Ní mór gach iarratas ar chúiseanna nó ar athbhreithnithe a dhéanamh i scríbhinn.  Féadfaidh tú teacht ar conas a dhéantar seo trínár leabhrán faisnéise a léamh ‘Conas Iarraidh ar Chúiseanna agus Athbhreithnithe’.  Ba cheart iarratais a sheoladh chuig:

An tAonad Idirchaidrimh Íospartach
An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne
Baile Átha Cliath 7.

Éistear leis na cásanna is tromchúisí sna cúirteanna a leanas:

  • An Phríomh-Chúirt Choiriúil,
  • An Chúirt Choiriúil Chuarda, nó
  • An Chúirt Choiriúil Speisialta.

Sna cásanna seo, déanfaidh dlíodóir a ghníomhaíonn thar ceann an DPP an cás a ionchúiseamh sa chúirt.

Éistear le cásanna nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna sa Chúirt Dúiche.  Sna cásanna seo, déanfaidh na Gardaí nó dlíodóir a ghníomhaíonn thar ceann an DPP an cás a ionchúiseamh.

Inseoidh na Gardaí duit má rinneamar an cinneadh chun ionchúiseamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh.   Má táimid chun ionchúiseamh a dhéanamh, inseoidh na Gardaí duit, chomh maith, cathain agus cén áit a dtitfidh an cás cúirte amach.

Más íospartach thú, féadfaidh tú iarraidh orainn an méid a leanas a dhéanamh:

  • do chuid tuairimí a chur san áireamh nuair a dhéanaimid cinneadh ar cé acu chun ionchúiseamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh;
  • achoimre a thabhairt duit ar na cúiseanna má dhéanaimid an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh (i gcás nach ndéantar an cinneadh an 16 Samhain 2015 nó ina dhiaidh sin);
  • athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí gan ionchúiseamh a dhéanamh.

Más duine muinteartha i do chlann nó i do theaghlach an t-íospartach i gcás marfach, féadfaidh tú iarraidh orainn an méid a leanas a dhéanamh:

  • an chúis a insint duit, más féidir, go ndearnamar an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh. Déanfaimid seo sa chás go bhfuair an duine bás an 22 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh sin.
  • athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí gan ionchúiseamh a dhéanamh.

Más finné thú, féadfaidh tú súil a bheith leis go ndéanfaimid an méid a leanas:

  • caitheamh leat le meas agus ar bhealach gairmiúil, neamh-idirdhealaitheach agus neamhchlaonta;
  • do chás pearsanta, do chearta agus do dhínit a chur san áireamh;
  • oibriú leis na Gardaí lena chinntiú go gcoimeádtar cothrom le dáta thú ar do chás;
  • iarratas a dhéanamh ar an gcúirt le hiarraidh an féidir leat nasc físe nó áiseanna speisialta eile a úsáid faoi chúinsí áirithe nuair a thugann tú d’fhianaise; agus
  • a shocrú go labhróidh tú leis an aturnae agus an t-abhcóide ionchúisimh sula gcuirtear tús leis an gcás cúirte, más mian leat. Míneoidh siad duit cad a tharlóidh sa chúirt, ach ní féidir leo caint leat faoin bhfianaise a thabharfaidh tú.

Má gearradh pianbhreith ar an té a cúisíodh, is féidir linn an méid a leanas a dhéanamh:

  • iarraidh ar an gCúirt Achomhairc Choiriúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpianbhreith má cheapaimid go bhfuil an phianbhreith trócaireach go míchuí – i bhfriotal eile, go bhfuil an phianbhreith chomh héadrom sin go bhfuil éagóir á déanamh sa dlí. Féadaimid iarraidh ar athbhreithniú ar phianbhreitheanna ón bPríomh-Chúirt Choiriúil, an Chúirt Choiriúil Chuarda agus ón gCúirt Choiriúil Speisialta. Ní féidir linn achomharc a dhéanamh ar phianbhreith ón gCúirt Dúiche.

Má rinneadh an té a cúisíodh a éigiontú, is féidir linn an méid a leanas a dhéanamh:

  • cinneadh an bhreithimh a achomharc, ach amháin faoi chúinsí an-teoranta;
  • do chuid tuairimí a chur san áireamh nuair a dhéantar breithniú ar achomharc.

Má tá gearán agat faoinár seirbhís, féadfaidh tú scríobh chuig:

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne
Baile Átha Cliath 7.

Guthán: 01 858 8500
Facs:     01 642 7406

Tabhair cuairt ar ár láithreán gréasáin ag www.dppireland.ie chun teacht ar bhreis faisnéise ar an méid a leanas: