Is cabhairlíne rúin náisiúnta í an Chabhairlíne d’Íospartaigh Choire chun tacaíocht a thabhairt do pháirtithe éagóirithe in Éirinn.  Tá sé mar aidhm ag an gCabhairlíne tacú leis na páirtithe éagóirithe agus aon pháirtí eile a mbeidh tionchar ag coir air/uirthi, iad a chur ar an eolas agus a chumhachtú. Tuigeann oibrithe deonacha na líne cabhraí na saincheisteanna agus na deacrachtaí a bhíonn ar íospartaigh choireanna déileáil leo.

Is féidir mionsonraí na seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh atá ar fáil i do cheantar a fháil ón gCabhairlíne.  Is féidir eolas ar sheirbhísí speisialta atá ar fáil d’íospartaigh coireanna ar leith, foréigean baile, mí-úsáid ghnéasach agus éigniú mar shampla, a fháil ón gCabhairlíne.

Tá an líne chabhrach ar fáil ag na huaireanta seo a leanas:

Luan: 10.00am – 5.00pm
Máirt: 10.00am – 6.30pm
Céadaoin go hAoine: 10.00am – 5.00pm
Satharn, Domhnaigh agus Laethanta saoire bainc: 2.00pm – 4.00pm

Chun níos mó eolais a fháil, is féidir glaoch ar an Líne Cabhrach ar:

Teilafóin saor in aisce: 116 006
Téacs: 085 133 7711
Ríomhphost: info@crimevictimshelpline.ie
Láithreán Gréasáin: www.crimevictimshelpline.ie

Taobh amuigh de na huaireanta thuasluaite, má fhágann tú teachtaireacht ag iarraidh ar an gCabhairlíne dul i dteagmháil leat, déanfaidh siad sin go pras.

Físeáin

Tá trí fhíseán cruthaithe ag an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta freisin a sholáthraíonn treoir céim ar chéim d’íospartaigh na coireachta agus dá dteaghlaigh agus dá gcairde tríd an bpróiseas ceartais choiriúil, ó choireacht a thuairisciú chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. agus déanann na Gardaí cinneadh, agus cad a tharlaíonn nuair a théann cás coiriúil chun na cúirte.

Nasc le físeán ‘Garda Investigation’
Nasc le físeán ‘Decision to Prosecute’
Nasc le físeán ‘Courts Process’

Cearta Íobartachaí Coir

Tá cearta sonracha curtha ar fáil ag dlí Eireannach ar son íobartachaí coir. Tá na cearta seo leagtha amach chun cinntiú go déileáileadh le gach íobartach le meas, mothál agus dinít.

Is féidir leat an leabharín Cearta íobartachaí coir nó an gréasáin Cearta Íobartachaí coir a léamh chun níos mó eolas a fháil mar gheall ar cearta sonracha.