I gcásanna os comhair giúiré, déanann abhcóide atá ag obair don DPP cás an ionchúisimh a thíolacadh. Tosaíonn an t-abhcóide trí mhíniú a thabhairt don ghiúiré faoi ábhar an cháis. Glaonn sé nó sí ar na finnéithe ansin ina nduine agus ina nduine. Nuair a ghlaonn an t-abhcóide ort mar fhinné i dtriail ní mór duit an fhírinne a insint de réir an dlí.

Is féidir leis an ionchúiseamh nó an chosaint aon duine a bhfuil eolas aige/aici faoi choir, lena n-áirítear an t-íospartach, a ghlaoch chun bheith ina fhinné nó ina finné ag triail.

Gheobhaidh tú Toghairm Fhinné ó na Gardaí. Is é atá sa Toghairm Fhinné ná ordú ón gcúirt chun fianaise a thabhairt ag am áirithe agus in áit áirithe.

Ní féidir. Is féidir leat cóip de do ráiteas féin a fheiceáil, ach ní féidir leat leat leabhar na fianaise ina iomláine a fheiceáil.

Ní hea. Socraíonn an chúirt agus an giúiré an bhreith sa chás de réir a gcloistear d’fhianaise i rith na trialach, ní de bhun a mbíonn i leabhar na fianaise.

Ráiteas faoi mhionn de chuid finné is ea teistíocht. Is féidir leis an ionchúiseamh agus leis an gcosaint a iarraidh ar an mbreitheamh cead a thabhairt dóibh fianaise a ghlacadh faoi mhionn roimh an triail. Má aontaíonn an breitheamh leis, cuirfidh aturnae nó abhcóide ceisteanna ort i seomra na cúirte agus tú faoi mhionn. Is féidir leis an taobh eile ceisteanna a chur ort freisin.

Scríobhtar síos do chuid freagraí. Nuair atá an fhianaise tugtha agat, léifidh cléireach na cúirte an teistíocht os ard duit. Má aontaíonn tú go bhfuil an teistíocht i gceart síníonn tú é

Cuirfidh abhcóide an ionchúisimh ceisteanna ort chun do chuid fianaise a fháil. Ní féidir leis nó léi aon cheist a chur ort a d’fhágfadh go gcaithfidh tú freagra áirithe a thabhairt (tugtar ‘treorú an fhinné’ ar sin). Mar shampla, is féidir leis an abhcóide ceisteanna ar nós, “Cad a rinne an cúisí?” a chur ort. Ní féidir leis nó léi ceisteanna ar nós, “An bhfaca tú an cúisí ag cur a láimhe trasna an chúntair agus ag tógáil airgid as an scipéad airgid?” a chur ort.

Níor chóir go mbeadh aithne agat ar aon duine ar an ngiúiré. Sa chás go bhfuil, ba cheart duit sin a chur in iúl d’aturnae nó d’abhcóide an ionchúisimh. Cinnteoidh an breitheamh nach gceadófar d’aon duine a bhfuil aithne aige/aici ar an íospartach nó ar an gcúisí nó a bhfuil aon bhaint eile acu leis an gcás suí ar an ngiúiré.

Nuair a chríochnaíonn an t-ionchúiseamh do do cheistiú, is féidir leis an gcosaint tú a cheistiú. Tugtar croscheistiú air seo agus seo é an t-aon uair amháin a gceadaítear d’abhcóide treoircheisteanna a chur ort.

Nuair a chríochnaíonn an t-ionchúiseamh ceistiú a gcuid finnéithe go léir, cuireann foireann na cosanta tús lena gcás féin.

Is féidir leo roinnt rudaí a dhéanamh:

  • Is féidir leo finnéithe a ghlaoch chun tacú leis an gcosaint. Má dhéantar amhlaidh is féidir leis an ionchúiseamh finnéithe na cosanta a chroscheistiú.
  • Is féidir leo an cúisí a ghlaoch chun fianaise a thabhairt. Má dhéantar amhlaidh is féidir leis an ionchúiseamh an cúisí a chroscheistiú.
  • Is féidir leo a rá nach bhfuil an cás cruthaithe ag an ionchúiseamh. Is féidir seo a dhéanamh mar nach mór don ionchúiseamh, de réir an dlí, a chruthú go bhfuil an cúisí ciontach, ach ní gá don chúisí a chruthú go bhfuil sé/sí neamhchiontach. Ní cheadaítear don ghiúiré glacadh leis, i gcás nach dtugann cúisí fianaise, go bhfuil sé/sí ciontach.

Nuair atá foirne an ionchúisimh agus na cosanta críochnaithe lena gcuid finnéithe:

  • Cuireann siad a gcás i láthair an ghiúiré.
  • Tugann an breitheamh achoimre ar an bhfianaise, míníonn sé/sí an dlí don ghiúiré agus ínsíonn sé/sí don ghiúiré cad atá le breithniú le go bhféadfaidh siad teacht ar fhíorasc.
  • Téann an giúiré chun a seomra chun fíorasc a bhreithniú.

Má fhaightear an cúisí ‘neamhchiontach’, tá sé/sí saor chun imeacht. Sa chás go bhfaightear ‘ciontach’ an cúisí, gearrfaidh an breitheamh pianbhreith air nó uirthi. Is gnách an phianbhreith a chinneadh ag tráth níos déanaí.  Mura bhfuil an giúiré in ann fíorasc a chomhaontú, caithfidh an DPP cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ceart triail nua a bheith ann.

Uaireanta ní féidir leanúint ar aghaidh le triail ar an dáta a socraíodh ar chúiseanna éagsúla, mar shampla:

  • níl finné tábhachtach ar fáil mar gheall ar bhreoiteacht;
  • tagann athrú ar fhoireann dlí na cosanta nó nach bhfuil siad réidh le leanúint ar aghaidh;
  • tá ceisteanna curtha ag foireann na cosanta maidir lecodannaáirithe den chás;
  • tá liosta na cúirte lán agus níl aon bhreitheamh ná cúirt réidh chun déileáil leis an gcás; nó
  • tá athbhreithniú breithiúnach tosaithe ag an gcosaint chun stop a chur le leanúint ar aghaidh leis an triail.

Tá cineálacha éagsúla athbhreithnithe breithiúnacha ann. Le cineál coitianta, iarrann an cúisí ar an Ard-Chúirt stop a chur le cúirt na trialach nó leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leanúint ar aghaidh leis an triail. Mar shampla, iarrann duine cúisithe ar an Ard-Chúirt stop a chur leis an triail mar:

  • go raibh moill ró-fhada ann i dtaca leis an bpáirtí éagóirithe do thuairisciú na coire; nó
  • i dtaca leis an imscrúdú nó an t-ionchúiseamh a dhéanamh.

Má aontaíonn an Ard-Chúirt an triail a stopadh, scaoiltear saor an cúisí. Fiú amháin mura n-éiríonn le hathbhreithniú breithiúnach, d’fhéadfadh sé moill fhada a chur leis an triail.

Is féidir athbhreithniú breithiúnach a thógáil tar éis na trialach freisin agus d’fhéadfadh an toradh athbhreithniú den sórt sin difear a dhéanamh don fhíorasc nó d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh atriail ann dá bharr.