ÁR MISEAN: Seirbhís ionchúisimh atá cothrom, neamhspleách agus éifeachtach a sholáthar ar son mhuintir uile na hÉireann

Gníomhaíonn foireann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar mhaithe le leas an phobail chun ár misean a chur i gcrích agus tá sé treoraithe ag cúig chroíluach:

  • Gníomhú go hionraic, go cothrom, go comhsheasmhach agus go hoibiachtúil, de réir an Chóid Eitice
  • Cinntí córa cearta a dhéanamh bunaithe ar fhianaise
  • Eolas cruinn a chur ar fáil
  • Neamhspleáchas Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí a chosaint
  • Gníomhú go neamhchlaonta gan eagla, gan fhaitíos, gan chlaonadh ná dochar, de réir na dTreoirlínte d’Ionchúisitheoirí agus an Chóid Eitice
  • Fanacht gan tionchar a bheith ag leasanna aonair nó rannóige nó brú ón bpobal nó ó na meáin orainn, ag féachaint do leas an phobail amháin
  • Seirbhísí cothroma, neamhspleácha, gairmiúla a sholáthar ag na caighdeáin is airde
  • Ár seirbhís a fheabhsú go leanúnach, ag freagairt go réamhghníomhach do riachtanais, dúshláin, deiseanna athraitheacha
  • Tionchar a imirt agus feabhsuithe a mhúnlú sa chóras dlí choiriúil
  • Déileáil le gach duine le cothroime, le meas agus le dínit
  • Ag éisteacht le peirspictíocht na bpáirtithe leasmhara
  • Meas a thabhairt ar an méid a chuireann gach duine le seachadadh na seirbhíse ionchúisimh.
  • Caidrimh láidre a thógáil agus oibriú i gcomhar le páirtithe leasmhara, náisiúnta agus idirnáisiúnta
  • Ár n-eolas agus ár saineolas a roinnt le daoine eile

Le haghaidh léiriú amhairc ar Ár Misean agus ar Ár gCroíluachanna cliceáil anseo le do thoil!