Nuair a dhéanann páirtí éagóirithe coir a thuairisciú chuig an nGarda Síochána, faigheann na Gardaí ráiteas finné uaidh/uaithi.  Is ionann ráiteas finné agus taifead scríofa den ghearán.  Ansin déanann na Gardaí an choir a imscrúdú.  B’fhéidir go ngabhfaidís an té a bhíonn faoi amhras, ag brath ar an imscrúdú agus ar an bhfianaise.

I gcás coireanna tromchúiseacha, cuireann na Gardaí comhad go dtí an DPP agus is faoin DPP a bhíonn sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an duine atá faoi amhras a ionchúiseamh.   I gcásanna nach mbíonn chomh tromchúiseach, déanann na Gardaí an cinneadh sin.  Ach déantar an cás a ionchúiseamh in ainm an DPP, is cuma cé a dhéanann an cinneadh, agus bíonn sé de cheart ag an DPP a insint do na Gardaí conas an cás a láimhseáil.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi obair na nGardaí ach cuairt a thabhairt ar an láithreán gréasáin www.garda.ie.