Photo of Catherine Pierse, DPPCatherine Pierse, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Éire

Ceapadh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Catherine Pierse, an 8 Samhain 2021.

Tá taithí os cionn 20 bliain ag Catherine Pierse mar aturnae cleachtach i raon róil dlí coiriúil agus rialála.  Thosaigh sí le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí mar Cheann na Rannóige Seirbhísí Tacaíochta Ionchúisimh in 2018.

Roimhe seo bhí róil an Cheann Dlí agus Beartais san Údarás Póilíneachta ag Catherine; Dlíodóir Forfheidhmithe Sinsearach i mBanc Ceannais na hÉireann; agus Comhairleoir Dlí i gCoimisiún Ombudsman an Gharda Síochána.

Cuireadh oideachas uirthi i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, cháiligh Catherine mar aturnae i 2001.