Tá cearta na daoine atá san amhras nó cúisithe mar gheall air coiriúil leagtha amach sna hailteanna thíos. Gheobhaidh daoine a bhfuil san amhras agus cúisithe cóip de na cáipéis seo faoi choinneál agus/nó le toghairm ón Garda Síochána:

Litir um Chearta, anois go bhfuil Toghairthe chun na Cúirte ort

Tá Toghairm seirbheáilte ort anois. Doiciméad dlíthiúil atá i dtoghairm, agus ciallaíonn sé go bhfuil ort freastal sa chúirt, ar an dáta agus san am agus san áit atá luaite ar an toghairm, chun cúiseamh coiriúil a fhreagairt. Ós rud é go bhfuil tú bainteach anois le próiseas cúirte, tá cearta áirithe agat. Tá sé tábhachtach go mbeadh na cearta sin, a mhínítear thíos, ar eolas agat

1. An ceart chun dul i gcomhairle le haturnae agus comhairle dlí a fháil
Tá de cheart agat labhairt le haturnae agus comhairle dlí agus eile a fháil ón aturnae.
Dlíodóir atá in aturnae, agus tá an t-aturnae neamhspleách ar an nGarda Síochána (póilíní Éireannacha) nó ar údaráis Stáit.

Féadfaidh sé go mbeidh tú ábalta cúnamh dlíthiúil a fháil saor in aisce. Ar dháta na héisteachta sa chúirt, is féidir leat iarratas ar chúnamh dlíthiúil in aisce a dhéanamh chuig an mBreitheamh ag a mbeidh do chás á éisteacht. Féadfaidh sé go dteastóidh ón mBreitheamh roinnt eolais a fháil uait chun a chinneadh an féidir cúnamh dlíthiúil in aisce a dheonú, agus déanfaidh an Breitheamh na nithe seo a leanas a bhreithniú roimh chinneadh a dhéanamh maidir le cúnamh dlíthiúil:

  • Cibé acu atá nó nach bhfuil dóthain airgid agat chun díol as do dhlíodóir féin;
  • Ag cur tromchúis an chúisimh nó an chiona san áireamh, cibé acu an ar mhaithe leis an gceartas é gur ceart cúnamh dlíthiúil a bheith agat le linn do chosaint a ullmhú agus a stiúradh.

2. An ceart chun fanacht i do thost
I gcoitinne, ní gá duit aon cheisteanna a fhreagairt faoin gcúiseamh atá déanta sa Toghairm, nó eolas a chur ar fáil faoin gcúiseamh atá déanta sa Toghairm.

Ach –

  • Is ceart duit freagra a thabhairt nuair a ghlaonn an Cláraitheoir d’ainm agus aon cheisteanna nóis imeachta a chuireann an Breitheamh ort sa chúirt a fhreagairt.
  • Nuair a iarrtar ort, is ceart duit a rá cibé acu atá tú ag pléadáil ciontach nó ag pléadáil neamhchiontach.
  • Tá de cheart agat gan fianaise a thabhairt – má chinneann tú fianaise a thabhairt sa chúirt, áfach, ní mór duit aon cheisteanna a chuirtear ort faoin gcúiseamh sa Toghairm a fhreagairt.

Is féidir le d’aturnae (má tá ceann agat) cuidiú leat cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige is fearr duitse

3. An ceart chun tuilleadh eolais a iarraidh faoina bhfuil tú cúisithe ann
Tá eolas sa Toghairm faoina bhfuil tú á chúiseamh ann, ach is féidir leat níos mó eolais agus doiciméid faoin gcúiseamh a iarraidh.

Nuair a rachaidh tú chun na cúirte, is féidir leatsa nó le d’aturnae (má tá ceann agat) níos mó eolais agus doiciméid a iarraidh ar an mBreitheamh. Má dheonaíonn an Breitheamh é sin nó iad sin duit, féadfaidh sé go gcuirfidh an Breitheamh do chás siar d’fhonn tréimhse ama a thabhairt duit chun an t-eolas go léir (agus aon doiciméid) a bhreithniú sula gcinneann tú an dteastaíonn uait pléadáil ciontach nó neamhchiontach ina bhfuil tú á chúiseamh ann.

Is féidir le d’aturnae (má tá ceann agat) comhairle a chur ort faoin gcur chuige is fearr duitse.

4. An ceart chun ateangaire nó aistriúchán ar dhoiciméid a iarraidh ar an mBreitheamh
Is féidir leat ateangaire nó aistriúchán ar dhoiciméid a iarraidh ar an mBreitheamh. Má ordaíonn an Breitheamh an cúnamh sin sa chúirt, beidh sé saor in aisce. Féadfaidh sé go gcuirfidh an Breitheamh do chás siar chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil ateangaire ar fáil.

Má tá bac éisteachta ort, nó stad i do chuid cainte, is féidir leat ateangaire nó cúnamh eile a iarraidh ar an mBreitheamh. Má ordaíonn an Breitheamh an cúnamh sin sa chúirt, beidh sé saor in aisce.

Litir um Chearta – Ghabh na Gardaí tú agus tá cearta dleathacha agat agus tú faoi choimeád an Gharda Síochána.

Urramóidh na Gardaí i gcónaí do chearta, do dhínit mar dhuine agus ní chuirfear drochbhail ar bith ort.

Tá ball den Gharda Síochána ar a dtugtar “an ball atá i gceannas” freagrach as do shábháilteacht i gcoimeád an Gharda Síochána agus cinnteoidh siad go n-urramaítear agus go mínítear do chearta duit. Is féidir leat labhairt leis an duine sin ag am ar bith agus á rá leis/léi má tá aon imní ort faoi na cearta sin. Coinneoidh an duine sin taifead de do chuid ama faoi choimeád agus léifidh sé/sí an leathanach seo duit chun do chearta a mhíniú. Tabharfar tuilleadh eolais duit freisin a mhíneoidh na cearta seo duit go mion.

Má tá riachtanais speiceasacha agat chun cabhrú leat an t-eolas seo a thuiscint, abair leis an nGarda le do thoil.

DO CHEARTA

  1. Tá sé de cheart agat fios a bheith agat cén fáth gur tugadh chuig an Stáisiún Gardaí seo tú agus cad faoina bhfuil amhras ann go ndearna tú.
  2. Tá sé de cheart agat comhairle dlí a fháil agus labhairt le haturnae faoi rún. Mura féidir leat aturnae a íoc míneoidh na Gardaí conas is féidir aturnae a sholáthar saor in aisce.
  3. Tá sé de cheart agat ateangaire agus seirbhís aistriúcháin a fháil, má tá siad ag teastáil uait. Tá sé seo saor in aisce. Féadfaidh an tAteangaire cabhrú leat labhairt le d’aturnae agus caithfidh siad an chumarsáid sin a choimeád faoi rún. Más gá, d’fhéadfaí go mbeadh sé de cheart agat aistriúchán a fháil de na doiciméid i do chás.
  4. Tá se de cheart agat fanacht i do thost. Ní gá duit aon cheist a fhreagairt seachas roinnt eolais pearsanta, lena n-áirítear, d’ainm, do sheoladh agus do dháta breithe. D’fhéadfaimis ceisteanna a chur ort faoi do shláinte, ach is é sin le cinntiú go dtugtar aire duit agus tú sa Stáisiún. I gcúinsí áirithe féadfaidh na Gardaí a chur in iúl duit go bhfuil do cheart chun fanacht i do thost teoranta. Má tharlaíonn sé sin míneofar é seo go hiomlán duit. Is féidir le d’Aturnae cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar sin.
  5. Tá sé de cheart agat go gcuirfear in iúl do dhuine éigin go bhfuil tú anseo. Má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois is é seo do Thuismitheoir nó do Chaomhnóir. Má tá tú os cionn 18 mbliana d’aois d’fhéadfadh sé seo a bheith i do bhall teaghlaigh nó cara.
  6. Mura saoránach Éireannach tú, tá sé de cheart agat teagmháil a dhéanamh le d’ambasáid nó do chonsalacht nó más mian leat is féidir linn a rá leo go bhfuil tú faoi choimeád.
  7. Tá sé de cheart agat cúram leighis a fháil agus má bhraitheann tú go dteastaíonn sé uait iarrfaimid ar Dhochtúir freastal ar Stáisiún na nGardaí.
  8. Tá sé de cheart agat fios a bheith agat cén fáth a bhféadfadh na Gardaí do ghrianghraf, do mhéarloirg, do bhosloirg nó ADN a thógáil. Má ghabhtar d’éadaí ansin cuirfidh na Gardaí éadaí athsholáthair ar fáil duit. Tá sé seo saor in aisce.
  9. Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht do ghabhála agus do choinneála san Ard-Chúirt. Féadfaidh d’Aturnae comhairle a chur ort conas é sin a dhéanamh.
  10. Tá sé de cheart agat iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar fhianaise agus ar ábhar ábhartha má tá tú cúisithe i gcion. Is féidir le d’Aturnae comhairle a chur ort conas é sin a dhéanamh.
  11. Tá sé de cheart agat fios a bheith agat cén fhad is féidir tú a choinneáil faoi choimeád. Is é 24 nó 48 Uaireanta an t-uasmhéid ama is féidir tú a choinneáil faoi choimeád sula dtabharfar os comhair Breitheamh tú nó mura gcúisítear tú i gcion. Braithfidh sé seo ar an gcúis a gabhadh agus a coinníodh tú. Míneoidh An Garda Síochána nó d’Aturnae é seo a thuilleadh.

Mura bhfuil tú cinnte faoi aon cheann de na cearta seo, inis don bhall atá i gceannas. Coinnigh an t-eolas seo le do thoil agus léigh é a luaithe is féidir, ba cheart duit é a thaispeáint do d’aturnae má tá ionadaíocht dlí agat. Cabhróidh sé leat cinntí a dhéanamh agus tú faoi choimeád an Gharda Síochána.