Slí Bheatha Linn
12 October 2026
Tá iarratais oscailte anois do Chlár Intéirneachta an Dlí Phoiblí 2027 (ar a dtugtaí Clár Intéirneachta Rochtana Dlí roimhe seo). Tá sé mar aidhm ag an ainm nua seo léiriú níos fearr a thabhairt ar an réimse leathan deiseanna gairme dlí atá ar fáil i measc eagraíochtaí earnála poiblí atá rannpháirteach.
Tá an clár á reáchtáil go rathúil le roinnt blianta anuas agus cuireann sé deis ar fáil do mhic léinn ó chúlraí atá faoi ghannionadaíocht taithí luachmhar a fháil i dtimpeallacht dhlíthiúil san earnáil phoiblí. Tabharfaidh na hiarratasóirí rathúla faoi intéirneacht íoctha dhá mhí a thosóidh i mí an Mheithimh 2027.
Eagraíochtaí rannpháirteacha:
- Coimisiún um Athchóiriú an Dlí
- Oifig an Ard-Aighne
- Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
- Oifig an Phríomh Aturnae Stáit
- Tithe an Oireachtais
- An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Critéir cháilitheachta
Tá an clár oscailte do mhic léinn dlí fochéime sa bhliain dheireanach (nó do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar cháilíocht choibhéiseach ina bhfuil an dlí ina phríomhábhar) a chomhlíonann critéir cháilitheachta áirithe.
Is féidir le hiarratasóirí cáiliú faoi cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:
Bealach 1: Clár rochtana/Bealach rochtana
Chuaigh tú isteach san ardoideachas trí chlár rochtana nó trí bhealach rochtana, lena n-áirítear:
- Bealach Rochtana ar Ardoideachas (HEAR)
- Bealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DARE)
- Mar mac léinn aibí
- Cláir rochtana eile atá aitheanta agus a bhaineann le hinstitiúidí ar leith
Bealach 2: Tacaíocht airgeadais ó SUSI
Tá ceann de na nithe seo a leanas á fháil agat faoi láthair, nó fuair tú ceann acu roimhe seo:
- SUSI banda haon – Iomlán Cothaithe
- SUSI ráta speisialta den deontas cothaithe
Bealach 3: Úsáideoir seirbhíse tacaíochta míchumais cláraithe
Tá tú cláraithe leis an tseirbhís tacaíochta do dhaoine faoi mhíchumas i d’institiúid ardoideachais, agus faigheann tú tacaíocht uaithi faoi láthair.
Beidh ar iarratasóirí doiciméadúchán tacaíochta a sholáthar mar chuid den phróiseas iarratais.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Tá na sonraí iomlána – lena n-áirítear critéir cháilitheachta, eagraíochtaí rannpháirteacha agus eolas faoin iarratas – ar fáil sa leabhrán eolais agus san fhoirm iarratais ar shuíomh gréasáin an Oireachtais: Taithí oibre – Tithe an Oireachtais.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 1 p.m. Dé hAoine, 30ú Deireadh Fómhair 2026
21 September 2026
Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide a cheapadh chun ionchúiseamh a dhéanamh i Contae an Chláir. Lorgaíonn an Stiúrthóir léirithe spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí orthu do na painéil thuasluaithe.
Chun Tuilleadh eolais a fháil, féach anseo.
Ba chóir d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh go leictreonach chuig: Competitions@dppireland.ie
Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé hAoine 21 Deireadh Fómhair 2026 ag 1:00pm.