10 August 2023

Tá folúntas do phost Aturnae Stáit i gCill Dara Theas agus Chill Mhantáin Thiar Thuaidh. Tá sonraí na dualgais, téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin, atá conradh le haghaidh seirbhísí ar feadh tréimhse deich mbliana, leagtha amach sa Leabhrán Faisnéise Comórtas atá ar fáil ar iarratas ó na sonraí ríomhphoist agus teagmhála atá leagtha amach thíos.

Ba chóir aturnaetha ar mian leo a chur san áireamh do cheapachán na phoist thuas luaithe iarratas a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais Oifigiúil tráth nach déanaí ná 3pm Dé Luain 25 Meán Fómhair 2023.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó agus le cur ar ais go:

An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bhóthar na hOtharlainne
Báile Átha Cliath 7
DX 34 Dublin

Facs: (01) 642 7404
Ríomhphost: competitions@dppireland.ie

Is féidir le hiarrthóirí a chur ar ghearrliosta agus níl na hiarrthóirí i dteideal agallamh mar tá iarratas déanta acu.

Treoraímid d’iarratasóirí gan chanbhasáil a dhéanamh.

Bíonn téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna. Cuirfear fáilte roimh chomfhreagras i nGaeilge.

24 June 2023

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i mbun earcaíochta le haghaidh Príomhoifigigh Faisnéise  Ní mór d’iarratasóirí an cháilíocht theicniúil/teastais CNC a bheith acu ar an nó roimh Dé hAoine, 14 Iúil 2023, chomh maith leis an taithí theicniúil ghairmiúil atá sa liosta ar leathanach 7 den leabhrán eolais. Beidh deis iontach ag an iarratasóir rathúil ról ríthábhachtach ceannaireachta a bheith acu bainistiú a dhéanamh ar thorthaí agus seachadadh ar ardchaighdeán i dtimpeallacht dhúshlánach dhinimiciúil.

Beifear ag súil le cumarsáid iontach ó iarratasóirí le hardscileanna idirbheartaíochta agus scileanna i bhforbairt líonraí piaraí teicniúla agus gnó, ceannaireacht láidir agus taithí bainistíochta, agus ceannaireacht inléirithe a chur ar fáil maidir le hathrú digiteach ó bhonn.  Féadfar gearrliostú a bheith i bhfeidhm.  Dícháileofar iad a rachaidh i mbun canbhásála.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30pm Dé hAoine 14 Iúil 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna.

Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras I nGaelige

23 June 2023

Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide dhá cheapadh chun ionchúisimh a sheoladh i gCathair Chorcaí.  Tá an Stiúrthóir ag lorg léirithe spéise ó abhcóidí más mian leo a bheith chur san áireamh le haghaidh na nithe thuas.

Chun foirm iarratais agus meabhrán míniúcháin maidir le ról na n-abhcóidí ionchúisimh a fháil, ba chóir abhcóidí ríomhphost a sheoladh chuig recruitment@dppireland.ie.

Cuimseoidh an próiseas roghnúcháin gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a cuireadh isteach le agallamh ina dhiaidh.

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná Dé hAoine 14 Iúil 2023 ag 1:00pm.

23 June 2023

Léirithe Spéise á Lorg ó Abhcóidí

Lorgaíonn an Stiúrthóir léiriú spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí iad a áireamh ar na painéil abhcóidí a choimeádann sé sna réimsí seo a leanas d’obair ionchúisimh:

Tugann an Stiúrthóir faisnéis do na habhcóidí ar bhonn cás ar chás.  Déanann abhcóidí ionchúiseamh de réir treoracha agus cloífidh siad le Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí. Is faoin Stiúrthóir atá sé, faoi réir fheidhmíocht shásúil thar a ceann de réir mar a chinnfidh an Stiúrthóir, abhcóidí a choinneáil ar aon phainéal.

De ghnáth, bítear ag súil go mbeidh ar a laghad ceithre bliana taithí ag abhcóidí ar Bharra na hÉireann, nó taithí chomhionann ábhartha le go mbreithneofaí iad i gcomhair oibre ar Ionchúisimh indíotáilte i mBaile Átha Cliath agus taithí trí bliana do Phainéal Bannaí na hArd-Chúirte.

Chun foirm iarratais agus meabhrán míniúcháin maidir le ról na n-abhcóidí ionchúisimh a fháil, ba chóir abhcóidí leasmhara ríomhphost a sheoladh chuig Recruitment@dppireland.ie.

De Bharr go mbeidh an t-iarratas mar bhunús le próiseas gearrliosta ba chóir d’abhcóidí a chinntiú go soláthraíonn siad go leor sonraí ábhartha chun a dtaithí a léiriú.  Meastar go mbeidh na hagallaimh ar siúl i mí Mheán Fómhair.

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná 1:00pm Dé hAoine, 14 Iúil 2023.

08 June 2023

Tá folúntas do phost Aturnae Stáit i Contae Laoise. Tá sonraí na dualgais, téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin, atá conradh le haghaidh seirbhísí ar feadh tréimhse deich mbliana, leagtha amach sa Leabhrán Faisnéise Comórtas atá ar fáil ar iarratas ó na sonraí ríomhphoist agus teagmhála atá leagtha amach thíos.

Ba chóir aturnaetha ar mian leo a chur san áireamh do cheapachán na phoist thuas luaithe iarratas a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais Oifigiúil tráth nach déanaí ná 3:00pm Dé Luain 10 Iúil 2023.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó agus le cur ar ais go:

An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bhóthar na hOtharlainne
Báile Átha Cliath 7
DX 34 Dublin

Facs: (01) 642 7404
Ríomhphost: competitions@dppireland.ie

Is féidir le hiarrthóirí a chur ar ghearrliosta agus níl na hiarrthóirí i dteideal agallamh mar tá iarratas déanta acu.

Treoraímid d’iarratasóirí gan chanbhasáil a dhéanamh.

Bíonn téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna. Cuirfear fáilte roimh chomfhreagras i nGaeilge.

19 May 2023

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ard-Fheidhmeannaigh Dlí.  Ní mór cáilíocht ag Leibhéal 6 a bheith ag iarrthóirí ar mhórdhámhachtain an NFQ (i.e. leibhéal dioplóma) nó cáilíocht ghairmiúil i réimse a bhaineann leis an ról. Ní mór d’iarrthóirí ar a laghad 2 bhliain de thaithí ghairmiúil ábhartha a bheith acu mar fheidhmeannach dlí nó paraidhlí i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

Ní mór d’iarrthóirí scileanna maithe chumarsáide a léiriú, mar aon le hábaltacht a bheith in ann obair neamhspleách a chur i gcrích, chomh maith le hobair i dtimpeallacht foirne, inniúlacht ar leith chun líon cásanna dlí a eagrú, a chur in ord tosaíochta agus a bhainistiú.  Féadfar gearrliostú a bheith i bhfeidhm.  Dícháileofar iad a rachaidh i mbun canbhásála.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil ar an Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30pm Dé Máirt 6 Meitheamh 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh gréasáin seo.

16 March 2023

Tá an Intéirneacht Taighde Dlí Chothromais dírithe go sonrach ar mhic léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch nó ar mhic léinn faoi mhíchumas. Is í aidhm an intéirnacht chothromais éagsúlacht sa dlí agus cothromas teachta ar deiseanna ghairmiúil sa dlí a mhéadú d’iarrthóirí faoi mhíbhuntáiste. Tabharfaidh an intéirneacht taithí oibre do mhic léinn i dtimpeallacht dlí, chun scileannea agus muinín a forbairt mar chuid d’fhoireann taighde.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an Leabhrán Eolais.

Dáta Dúnta – Ní mór an fhoirm iarratais comhlíonta a sheoladh ar aghaidh trí r-phoist chuig internship@lawreform.ie, ar a dhéanaí ag 12i.n (nóin) an 3 Aibreán 2023.

Tá clár intéirneachta ar leith ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí freisin i gcomhar leis na dámha Dlí i roinnt Ollscoileanna Éireannacha. Cuireann an clár seo líon beag post intéirneachta ar fáil inár nAonad um Bheartas Ionchúisimh agus Taighde. Déanann mic léinn iarratais ar iontráil ar an gclár seo chuig Stiúrthóir Cúrsa a nDámh Dlí Ollscoile faoi seach. Is í an Ollscoil a láimhseálann an próiseas roghnóireachta. Tá an clár teoranta dóibh siúd a bhfuil céimeanna fochéime dlí críochnaithe acu agus atá tar éis iarchéim ábhartha a bhaint amach nó atá ag déanamh céime ábhartha agus/nó atá tar éis tosú ag staidéar i dtreo cáilíocht ghairmiúil dlí.

06 March 2023

Tá Ceann Rialachais agus Gnóthaí Poiblí á earcú ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.  Beidh an duine aonair a cheapfar freagrach as próifíl na hOifige a fhorbairt agus as éifeachtacht, trédhearcacht agus cuntasacht na hOifige a fheabhsú trí thionscnaimh chumarsáide straitéiseacha a chur chun cinn, agus trína chinntiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí reachtúla agus rialachais a shanntar dóibh.  Beidh siad freagrach as Rialachas, Leanúnachas Gnó, Bainistiú Riosca, Nochtadh Cosanta, Iniúchadh, Saoráil Faisnéise, Eitic agus Caighdeáin in Oifigí Poiblí.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30pm ar Luan an 27 Marta 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna.

Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras I nGaelige

22 November 2022

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú dlíodóirí sinsearacha ag leibhéal an Phríomh-Ionchúisitheora. Ní mór d’iarratasóirí rathúla, ar nó roimh an 21 Samhain 2022, a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát nó a bheith glaoite chun an Bharra le taithí 5 bliana ar a laghad mar Aturnae nó Abhcóide nó taithí 5 bliana ar a laghad a bheith acu.

Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 10:00am Dé Luain 12 Nollaig 2022.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna.

Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras I nGaelige

01 November 2022

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i mbun earcaíochta le haghaidh Oifigeach Cléireachais

Ní mór d’iarrthóirí a bheith 17 mbliana d’aois ar a laghad, agus go mbeidh leibhéal maith oideachais ghinearálta acu.  Beifear ag súil go léireóidh an t-iarrthóir scileanna maithe cumarsáide; táithí a léiriú de bheith ag obair as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.

Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: odpp@lexconsultancy.ie e teacht roimh 3.30pm Dé Céadaoin 16 Samhain 2022.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.