Category: Uncategorized @ga
15 September 2026
Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag seoladh comórtas don Ionchúisitheoir Sinsearach inár nOifig Réigiúnach nua i gCorcaigh. Is deis iontach í seo do dhlíodóirí a bhfuil taithí acu dul isteach i bhfoireann thiomanta ionchúisimh agus ról tábhachtach a bheith acu i dtaca le seirbhísí ionchúisimh ardchaighdeáin a sholáthar ar fud réigiún Chorcaí.
Déanfaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi cás-ualach pearsanta a bhainistiú, lena n-áirítear ábhair choiriúla chasta agus speisialaithe, agus déanfaidh sé/sí ionadaíocht thar ceann an Stiúrthóra os comhair na Cúirte Dúiche, na Cúirte Cuarda, na Príomh-Chúirte Coiriúla agus in imeachtaí eile de réir mar a theastaíonn. Cuirfidh siad sain-anailís agus comhairle dhlíthiúil ar fáil, feidhmeoidh siad breithiúnas fónta gairmiúil, agus cuirfidh siad le hardchaighdeáin an chleachtais ionchúisimh a choinneáil ar bun.
Bíonn ról tábhachtach ag Ionchúisitheoirí Sinsireacha freisin maidir le tacú le forbairt an chleachtais dhlíthiúil laistigh den Oifig trí mheantóireacht a dhéanamh ar chomhghleacaithe, eolas agus saineolas a chomhroinnt, rannchuidiú le gníomhaíochtaí dearbhaithe cáilíochta, agus tacú le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.
Ag tuairisciú don Phríomh-Ionchúisitheoir Sinsearach, éilíonn an post scileanna láidre abhcóideachta, breithiúnas fónta, agus tiomantas do shármhaitheas sa tseirbhís phoiblí agus i gcleachtas eiticiúil.
Déan iarratas anois chun ról ríthábhachtach a bheith agat maidir le tacú le riaradh cóir agus éifeachtach an cheartais, agus le forbairt leanúnach Oifig Réigiúnach an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i gCorcaigh.
Bunófar painéal ón gcomórtas seo agus fanfaidh sé gníomhach ar feadh 18 mí.
Cé go bhfuil an ról lonnaithe in Oifig nua Chorcaí, beidh ar an iarrthóir rathúil freastal ar Bhaile Átha Cliath chun ionduchtú, ionduchtú agus aon oiliúint riachtanach a fháil. D’fhéadfadh go mbeadh orthu freastal ar an Oifig i mBaile Átha Cliath freisin le haghaidh cruinnithe ó am go chéile le linn dóibh a bheith fostaithe.
Reáchtálfar an comórtas i gcomhréir leis na cóid chleachtais mar atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/
Chun sonraí iomlána a fháil faoin ról, faoi na riachtanais agus faoin bpróiseas iarratias, féach an Leabhrán Faisenéise d’Iarrathóití.
Comhlánaigh agus cuir isteach d’Fhoirm Iarratais agus do CV tríd an nasc RMS atá ar fáil anseo. Is é meánoíche Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Tá eolas faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh gréasáin seo.
07 September 2026
An bhfuil tú paiseanta faoi thaighde dlí, smaointeoireacht straitéiseach agus athrú brí a chur chun cinn?
Bí páirteach san Aonad um Beartas agus Taighde Ionchúisimh (PPRU) agus bí mar chuid d’fhoireann dhinimiciúil atá ar thús cadhnaíochta i mbeartas ionchúisimh, i mbainistíocht eolais agus in athchóiriú ceartais choiriúil.
Is deis uathúil í seo chun oibriú ar thionscadail ardtionchair, comhoibriú le hionchúisitheoirí, le hAturnaetha Stáit agus le comhpháirtithe san earnáil cheartais, agus rannchuidiú le tionscnaimh a neartaíonn seirbhísí ionchúisimh ar fud na tíre. Ó thionchar a thabhairt ar thosaíochtaí straitéiseacha agus tacú le cláir athchóirithe go dtí acmhainní nuálacha eolais a fhorbairt, cabhróidh d’obair le todhchaí na heagraíochta agus le tírdhreach níos leithne an cheartais choiriúil a mhúnlú.
Má tá ról á lorg agat a chomhcheanglaíonn taighde, nuálaíocht, comhoibriú agus tionchar an saoil seo, ba bhreá linn cloisteáil uait.
Reáchtálfar an comórtas i gcomhréir leis na cóid chleachtais mar atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/
Chun sonraí iomlána a fháil faoin ról, faoi na riachtanais agus faoin bpróiseas iarratias, féach an Leabhrán Faisenéise d’Iarrathóití.
Comhlánaigh agus cuir isteach d’Fhoirm Iarratais agus do CV tríd an nasc RMS atá ar fáil anseo. Is é meánoíche Déardaoin, 24 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Tá eolas faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh gréasáin seo.
23 July 2026
Tá folúntas do phost Aturnae Stáit in Oirthear na Gaillimhe. Tá sonraí na dualgais, téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin, atá conradh le haghaidh seirbhísí ar feadh tréimhse deich mbliana, leagtha amach sa Leabhrán Faisnéise Comórtas atá ar fáil ar iarratas ó na sonraí ríomhphoist agus teagmhála atá leagtha amach thíos.
Ba chóir aturnaetha ar mian leo a chur san áireamh do cheapachán na phoist thuas luaithe iarratas a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais Oifigiúil tráth nach déanaí ná 3pm Dé Luain 14 Meán Fómhair 2026.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó agus le cur ar ais go:
An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bhóthar na hOtharlainne
Báile Átha Cliath 7
DX 34 Dublin
Ríomhphost: competitions@dppireland.ie
Is féidir le hiarrthóirí a chur ar ghearrliosta agus níl na hiarrthóirí i dteideal agallamh mar tá iarratas déanta acu.
Treoraímid d’iarratasóirí gan chanbhasáil a dhéanamh.
Bíonn téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm.
Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna. Cuirfear fáilte roimh chomfhreagras i nGaeilge.
26 June 2026
Tá folúntas do phost Aturnae Stáit i gContae Ros Comáin. Tá sonraí na dualgais, téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin, atá conradh le haghaidh seirbhísí ar feadh tréimhse deich mbliana, leagtha amach sa Leabhrán Faisnéise Comórtas atá ar fáil ar iarratas ó na sonraí ríomhphoist agus teagmhála atá leagtha amach thíos.
Ba chóir aturnaetha ar mian leo a chur san áireamh do cheapachán na phoist thuas luaithe iarratas a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais Oifigiúil tráth nach déanaí ná 3pm Dé Luain 20 Iúil 2026.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó agus le cur ar ais go:
An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bhóthar na hOtharlainne
Báile Átha Cliath 7
DX 34 Dublin
Ríomhphost: competitions@dppireland.ie
Is féidir le hiarrthóirí a chur ar ghearrliosta agus níl na hiarrthóirí i dteideal agallamh mar tá iarratas déanta acu.
Treoraímid d’iarratasóirí gan chanbhasáil a dhéanamh.
Bíonn téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm.
Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna. Cuirfear fáilte roimh chomfhreagras i nGaeilge.
08 June 2026
Tá gairmí TFC a bhfuil seantaithí orthu á lorg ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (ODPP) chun ról An Bhainisteora Tionscadail TFC (Príomhoifigeach Cúnta) a líonadh mar chuid den mhórchlár digiteach claochlaithe.
Ról thar a bheith suntasach é seo chun Córas Bainistiú Cásanna Oidhreachta na hOifige a uasdátú – sin an t-ardán criticiúil atá freagrach as na hoibríochtaí cinnteoireachta dlí, as rianú cásanna agus as oibríochtaí bunaithe ar shonraí na hOifige a stiúradh. Beidh ról ar leith ag an té a cheapfar chun réiteach slán comhaimseartha físeach a sheachadadh i leith tacaíocht a thabhairt don seirbhís ionchúiseamh agus sin a dhéanamh i ndomhan ceartais atá ag éirí níos casta agus níos digití.
Mar chuid den Ionad TFC, beidh an Bainisteoir Tionscadail TFC i gceannas ar thionscadail shuntasacha ó thús deireadh, agus beidh siad ag obair go dlúth le páirtithe leasmhara dlí, páirtithe leasmhara oibríochta agus le páirtithe leasmhara teicniúla, mar aon le díoltóirí seachtracha agus le comhpháirtithe ceartais choiriúil. Beidh an ról seo ag cur le punann níos leithne de thionscadail TFC agus de thionscadail eagraíochta, agus beidh ar an té a cheapfar an nuálaíocht, an nuachóiriú agus an feabhas leanúnach fud na hOifige.
Reáchtálfar an comórtas i gcomhréir leis na cóid chleachtais mar atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/
Chun sonraí iomlána a fháil faoin ról, faoi na riachtanais agus faoin bpróiseas iarratais, féach an Leabhrán Faisenéise d’Iarrthóirí
Le hiarratas a dhéanamh: Seol d’Fhoirm Iarratais chomhlánaithe agus do CV chuig recruitment@dppireland.ie
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé Céadaoin 24 Meitheamh 2026 ag 1pm.
Tá eolas faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh gréasáin seo.
08 May 2026
An taighdeoir straitéiseach dlí thú? An bhfuil fís agat chun beartas ionchúisimh a mhúnlú agus chun eolas eagraíochtúil a neartú?
Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (ODPP) ag lorg Taighdeoir Sinsearach le haghaidh Dlí agus Bainistíochta Eolais a bhfuil taithí agus spreagadh acu chun feidhm na foirne Dlí agus Bainistíochta Eolais a stiúradh laistigh den Aonad um Beartas agus Taighde Ionchúisimh.
Ról‑ardcheannaireachta i gcroílár an ODPP atá ann, ag cumaisc saintaighde dlí le bainistíocht eolais agus le ceannaireacht daoine. Beidh tú i gceannas ar fhoireann agus beidh ort anailís údarásach dlí a sheachadadh, comhroinnt ‑ eolais fud na heagraíochta a stiúradh, beartais ionchúisimh‑bunaithe ar fhianaise a thacú, mar aon le cinntí ‑ ag an leibhéal is airde a dhéanamh.
I gcás go bhfuil léargas láidir dlí, scileanna inléirithe ceannaireachta, agus paisean chun rochtain an eolais dlí a dhéanamh níos fearr agus níos éifeachtaí, i gcás sin bheith agat, is deis ar leith é seo chun cur le leas an phobail agus le seachadadh an cirt.
Chun sonraí iomlána a fháil faoin ról, faoi na riachtanais agus faoin bpróiseas iarratais, féach an Leabhrán Eolais d’Iarrthóirí
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2026 ag 1pm.
05 February 2026
Tá folúntas do phost Aturnae Stáit i gContae Chill Chainnigh. Tá sonraí na dualgais, téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin, atá conradh le haghaidh seirbhísí ar feadh tréimhse deich mbliana, leagtha amach sa Leabhrán Faisnéise Comórtas atá ar fáil ar iarratas ó na sonraí ríomhphoist agus teagmhála atá leagtha amach thíos.
Ba chóir aturnaetha ar mian leo a chur san áireamh do cheapachán na phoist thuas luaithe iarratas a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais Oifigiúil tráth nach déanaí ná 3pm Dé Luain 9 Márta 2026.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó agus le cur ar ais go:
An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bhóthar na hOtharlainne
Báile Átha Cliath 7
DX 34 Dublin
Ríomhphost: competitions@dppireland.ie
Is féidir le hiarrthóirí a chur ar ghearrliosta agus níl na hiarrthóirí i dteideal agallamh mar tá iarratas déanta acu.
Treoraímid d’iarratasóirí gan chanbhasáil a dhéanamh.
Bíonn téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm.
Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna. Cuirfear fáilte roimh chomfhreagras i nGaeilge.
04 December 2025
Tá an ODPP ag tabhairt cuireadh anois le haghaidh iarratas ar a chomórtas Ardfheidhmeannaigh Dlí (HLE) Réigiún Chorcaí. Is deis uathúil í seo chun páirt a ghlacadh i bhfoireann thiomanta atá i gcroílár chóras ceartais choiriúil na hÉireann, ag tacú le cásanna a ionchúiseamh agus ag cur le próisis dlí a fhorbairt a fhreastalaíonn ar leas an phobail.
Mar ról Teicniúil Dlí, baineann an HLE le líon cásanna a bhainistiú, doiciméid dlí a ullmhú, tacú le dlíodóirí sa chúirt, agus dul i dteagmháil le raon leathan páirtithe leasmhara. Cabhróidh tú freisin le comhar idirnáisiúnta, le haisghabháil costas, agus le feabhsú leanúnach ar fud na bhfoirne dlí.
Táimid ag lorg iarrthóirí a bhfuil eolas maith dlí acu, taithí phraiticiúil sa chúirt, agus sárscileanna eagrúcháin agus idirphearsanta acu. Má tá tú réidh chun tionchar fiúntach a dhéanamh sa tseirbhís phoiblí, molaimid duit iarratas a dhéanamh.
Bunófar painéal ón gcomórtas seo agus fanfaidh sé gníomhach ar feadh 18 mí. Fáiltítear roimh iarratais ó iarrthóirí nach bhfuil ar fáil láithreach, mar d’fhéadfadh deiseanna teacht chun cinn le linn ré an phainéil.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil ar an Leabhrán Faisnéise.
Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 1pm Dé Luain 22 Nollaig 2025.
Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh gréasáin seo.
18 August 2025
Sa phost seo, treoróidh agus forbróidh tú foireann ardfheidhmíochta, bainisteoidh tú tionscadail dlí agus riaracháin, agus oibreoidh tú go dlúth le comhpháirtithe ar fud an chórais cheartais chun a chinntiú go seachadtar ár seirbhísí go héifeachtach, go heiticiúil agus de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde.
Táimid ag lorg gairmí dlí cáilithe a bhfuil taithí iar-cháilíochta trí bliana ar a laghad acu, agus an cumas eolas a thógáil go tapa ar phróisis chúirte, nósanna imeachta coiriúla agus costais dlí. Cumas cruthaithe chun torthaí a threorú, a phleanáil agus a sheachadadh i dtimpeallacht dhinimiciúil.
Le tuilleadh eolais, téigh chuig an Leabhar Eolais.
Ba chóir do na hiarratasóirí a bpioc óna CV agus Foirm Iarratais atá comhlánaithe a chur ar aghaidh trí ríomhphost go: recruitment@dppireland.ie
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé hAoine, 5 Meán Fómhair 2025 ag 3:30pm.
09 June 2025
Tá dlíodóir sinsearach á lorg ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (ODPP) chun post buan an Phríomh-Ionchúisitheora Shinsearaigh – Réigiún Chorcaí a líonadh.
Is ról nua é seo, agus beidh deis ar leith ag an iarrthóir rathúil oibriú le foireann tionscadail Oifig Réigiúnach an ODPP chun páirt lárnach a ghlacadh i mbunú agus i bhforbairt ár nOifig Réigiúnach nua i gCorcaigh. Is í an Oifig Réigiúnach an tAonad is déanaí den ODPP, agus ceanglaítear uirthi ligean dár nOifig seirbhís ionchúisimh a sholáthar go díreach laistigh de Chorcaigh.
Sula seolfar an oifig nua, oibreoidh an Príomh-Ionchúisitheoir Sinsearach i gcomhar le bainisteoirí sinsearacha eile agus le príomhpháirtithe leasmhara seachtracha chun bunú rathúil na hoifige nua a chinntiú. Nuair a bhunófar an oifig nua beidh an Príomh-Ionchúisitheoir Sinsearach freagrach as foireann foirne a threorú agus a bhainistiú agus seirbhís ionchúisimh a sholáthar go díreach i gCorcaigh. Mar chomhalta de Bhord Bainistíochta an ODPP, glacfaidh an Príomh-Ionchúisitheoir Sinsearach páirt i gcur i bhfeidhm ár straitéise.
Tá sé beartaithe go mbeidh an Oifig Réigiúnach ag feidhmiú faoin dara cuid de 2026. Sula mbunófar an Oifig Réigiúnach nua beidh an ról seo ina dhélonnú idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh don chéad 12-18 mí.
Féach le do thoil ar an Meabhrán Míniúcháin ar Ról Abhcóidí Ionchúisimh.
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Competitions@dppireland.ie
Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé hAoine 27 Meitheamh 2025 ag 3:30pm.