08 September 2025

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ionchúisitheoirí.

An bhfuil tú cáilithe, nua-cháilithe, ar tí cáiliú mar Aturnae nó mar Abhcóide? An bhfuil tú spreagtha chun seirbhís ionchúisimh atá cothrom, neamhspleách agus éifeachtach a sholáthar thar ceann mhuintir na hÉireann ar fad?

Más é an freagra tá ar na ceisteanna thuas, b’fhéidir gurb é seo an post duit.

Ní mór do gach iarrthóir, faoin 26 Meán Fómhair 2025 nó roimh ré a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát nó glaoite chun an Bharra orthu. Ní mór d’iarrthóirí freisin, taithí ar chleachtas (le linn oiliúna nó iarcháilíochta) a bheith acu i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas, Dlí um Rialáil Choiriúil nó Forfheidhmiú, Dlí Riaracháin, Bunreachtúil nó Eorpach, Dlíthíocht agus/nó dlíthíocht a bhaineann le comhlachtaí poiblí agus Dlí Fostaíochta. Stair maidir le torthaí a sheachadadh go héifeachtach, go háirithe líon na gcás a bhainistiú. Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta ar ardleibhéal acu agus tuiscint ar an dóigh chun plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara seachtracha. Scileanna láidir anailíse agus cinnteoireachta. Taithí nó inniúlacht chun oibriú i dtimpeallacht ríomhairithe oifige, lena n-áirítear córais leictreonacha bainistíochta cásanna nó feidhmchlár TF eile a úsáidtear le haghaidh cleachtas dlí a úsáid.

Ba chóir d’iarratasóirí a bhFoirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig recruitment@dppireland.ie – cinntigh le do thoil go bhfuil do CV san áireamh le d’fhoirm iarratais.

Le tuilleadh eolais, téigh chuig an Leabhar Eolais.

Ba chóir do na hiarratasóirí a bpioc óna CV agus Foirm Iarratais atá comhlánaithe a chur ar aghaidh trí ríomhphost go: recruitment@dppireland.ie

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé hAoine, 26 Meán Fómhair 2025 ag 1pm.

08 September 2025

Tá an ODPP ag tabhairt cuireadh anois le haghaidh iarratas ar a chomórtas Ardfheidhmeannaigh Dlí (HLE). Is deis uathúil í seo chun páirt a ghlacadh i bhfoireann thiomanta atá i gcroílár chóras ceartais choiriúil na hÉireann, ag tacú le cásanna a ionchúiseamh agus ag cur le próisis dlí a fhorbairt a fhreastalaíonn ar leas an phobail.

Mar ról Teicniúil Dlí, baineann an HLE le líon cásanna a bhainistiú, doiciméid dlí a ullmhú, tacú le dlíodóirí sa chúirt, agus dul i dteagmháil le raon leathan páirtithe leasmhara. Cabhróidh tú freisin le comhar idirnáisiúnta, le haisghabháil costas, agus le feabhsú leanúnach ar fud na bhfoirne dlí.

Táimid ag lorg iarrthóirí a bhfuil eolas láidir dlíthiúil, taithí phraiticiúil sa chúirt, agus sárscileanna eagrúcháin agus idirphearsanta acu. Má tá tú réidh chun tionchar fiúntach a dhéanamh sa tseirbhís phoiblí, molaimid duit iarratas a dhéanamh.

Bunófar painéal ón gcomórtas seo agus fanfaidh sé gníomhach ar feadh 18 mí. Fáiltítear roimh iarratais ó iarrthóirí nach bhfuil ar fáil láithreach, mar d’fhéadfadh deiseanna teacht chun cinn le linn ré an phainéil.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil ar an Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 1pm Dé hAoine 26 Meán Fómhair 2025.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh gréasáin seo.

31 July 2025

Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide a cheapadh chun ionchúiseamh a dhéanamh i gContae an Ghaillimh Thoir . orgaíonn an Stiúrthóir léirithe spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí iad don ról thuas.

Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.

Le tuilleadh eolais, téigh chuig an Leabhar Eolais.

Ba chóir do na hiarratasóirí a bpioc óna CV agus Foirm Iarratais atá comhlánaithe a chur ar aghaidh trí ríomhphost go: Competitions@dppireland.ie

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná De Luain 1 Meán Fómhair 2025 ag 3:30pm.

31 July 2025

Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide a cheapadh chun ionchúiseamh a dhéanamh i Contae Uíbh Fhailí. Lorgaíonn an Stiúrthóir léirithe spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí orthu do na painéil thuasluaithe.

Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.

Le tuilleadh eolais, téigh chuig an Leabhar Eolais.

Ba chóir do na hiarratasóirí a bpioc óna CV agus Foirm Iarratais atá comhlánaithe a chur ar aghaidh trí ríomhphost go: Competitions@dppireland.ie

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná De Luain 1 Meán Fómhair 2025 ag 3:30pm.

31 July 2025

Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide a cheapadh chun ionchúiseamh a dhéanamh i Contae Phoirt Láirge. orgaíonn an Stiúrthóir léirithe spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí iad don ról thuas.

Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.

Le tuilleadh eolais, téigh chuig an Leabhar Eolais.

Ba chóir do na hiarratasóirí a bpioc óna CV agus Foirm Iarratais atá comhlánaithe a chur ar aghaidh trí ríomhphost go: Competitions@dppireland.ie

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná De Luain 1 Meán Fómhair 2025 ag 3:30pm.

09 June 2025

Tá Bainisteoir Soláthair dinimiciúil á lorg ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (ODPP) chun príomhfheidhmeanna laistigh den Rannóg Seirbhísí Corparáideacha a bhainistiú agus tacú leo.

Is ról spreagúil nua é seo a thugann deis don iarrthóir rathúil oibriú go dlúth leis an gCeann Aonaid agus próisis agus tionscnaimh nua soláthair á gcur i bhfeidhm ag an am céanna. Soláthróidh an t-iarrthóir idéalach sainchomhairle, cinnteoidh sé go gcomhlíonfar beartais soláthair na Státseirbhíse, agus cabhróidh siad le hoibríochtaí éifeachtúla, luach ar airgead a thiomáint ar fud an ODPP.

Féach le do thoil ar an Information Booklet Irish Version Procurement Manager (HEO) 2025 Meabhrán Míniúcháin ar Ról Abhcóidí Ionchúisimh.

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Competitions@dppireland.ie

Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé hAoine 27 Meitheamh 2025 ag 3:00pm.

07 April 2025

Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide a cheapadh chun ionchúiseamh a dhéanamh i Cathair Chorcaí agus Contae Chorcaí. Lorgaíonn an Stiúrthóir léirithe spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí orthu do na painéil thuasluaithe.

Féach le do thoil ar an Meabhrán Míniúcháin ar Ról Abhcóidí Ionchúisimh.

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Competitions@dppireland.ie

Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Déardaoin 15 Bealtaine 2025 ag 3:00pm.

07 October 2024

Tá Buanoifigigh Chléireachais á n-earcú ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Tugann ról an Oifigigh Chléireachais laistigh d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí deis d’iarrthóirí rathúla gairm thairbheach a sheoladh sa Státseirbhís, go háirithe laistigh d’Earnáil an Cheartais Choiriúil.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith 17 mbliana d’aois ar a laghad, leibhéal maith oideachais ginearálta a bheith acu.  Beifear ag súil freisin go dtaispeánfaidh an t-iarrthóir scileanna maithe cumarsáide; taithí a léiriú ar bheith ag obair as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.

Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba chóir d’iarratasóirí a CV agus a n-iarratas a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3.30pm Dé hAoine, 25 Deireadh Fómhair 2024.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.

09 November 2023

Tá folúntas do phost Aturnae Stáit i gContae Luimnigh. Tá sonraí na dualgais, téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin, atá conradh le haghaidh seirbhísí ar feadh tréimhse deich mbliana, leagtha amach sa Leabhrán Faisnéise Comórtas atá ar fáil ar iarratas ó na sonraí ríomhphoist agus teagmhála atá leagtha amach thíos.

Ba chóir aturnaetha ar mian leo a chur san áireamh do cheapachán na phoist thuas luaithe iarratas a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais Oifigiúil tráth nach déanaí ná 3pm Dé Luain 11 Mí Nollaig 2023.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó agus le cur ar ais go:

An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bhóthar na hOtharlainne
Báile Átha Cliath 7
DX 34 Dublin

Ríomhphost: competitions@dppireland.ie

Is féidir le hiarrthóirí a chur ar ghearrliosta agus níl na hiarrthóirí i dteideal agallamh mar tá iarratas déanta acu.

Treoraímid d’iarratasóirí gan chanbhasáil a dhéanamh.

Bíonn téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna. Cuirfear fáilte roimh chomfhreagras i nGaeilge.

06 October 2023

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ionchúisitheoirí Sinsearacha.

Ní mór do gach iarrthóir, faoin Dé Céadaoin, 25ú Deireadh Fómhair 2023 nó roimh ré a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát, nó, glaodh chun an Bharra faighte acu. Ní mór d’iarrthóirí ar a laghad 2 bhliain ar a laghad ar a bheith ag cleachtadh mar Aturnae nó Abhcóide i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas, Dlí Coiriúil, Rialála nó Forfheidhmithe, Dlí Riaracháin, Bunreachtúil nó Eorpach, Dlíthíocht agus/nó dlíthíocht a bhaineann le comhlachtaí poiblí agus Dlí Fostaíochta. Tuiscint ar an dlí coiriúil, ar an gcóras ceartais choiriúil in Éirinn: agus prionsabail ionchúisimh intíre agus idirnáisiúnta. Leibhéal Arda spreagtha, athléimneachta, tiomantais agus an cumas cruthaithe chun cásanna a sheachadadh. Fianaise ar rannpháirteachas réamhghníomhach le comhghleacaithe ar gach leibhéal agus le páirtithe leasmhara ar fud a n-earnála chun líonraí gairmiúla láidre a thógáil. Scileanna láidre anailíse agus cinnteoireachta agus an cumas ualach cásanna casta a bhainistiú. Taithí nó cumas le bheith ag obair i dtimpeallacht oifige ríomhairithe, lena n-áirítear úsáid na gcóras leictreonach do chásanna a bhainistiú nó aon fheidhmchlár TFC eile le haghaidh cleachtas dlí.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil ar an Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí a bhFoirm Iarratais (leagan nua den fhoirm uaslódáilte 25ú Deireadh Fómhair 2023) a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie faoi 3:30pm Dé Céadaoin, 25ú Deireadh Fómhair 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh Gréasáin seo.