07 September 2023

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Oifigeach Seirbhíse buan agus sealadach araon.

Tugann ról an Oifigigh Seirbhíse in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí deis d’iarrthóirí rathúla gairm thairbheach a thosú sa Státseirbhís, go sonrach laistigh den Earnáil um Cheartas Coiriúil.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith 17 mbliana d’aois ar a laghad, agus go mbeidh leibhéal maith oideachais ghinearálta acu. Beifear ag súil go léireoidh na hiarrthóirí scileanna maithe cumarsáide; taithí a léiriú de bheith ag obair as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí a CV agus a n-iarratas a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie e teacht roimh 3.30in ar an Déardaoin, an 28 Meán Fómhair 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.