19 February 2024

Intéirneacht Taighde Dlí Chothromais

Tá ríméad ar Oifig an Ard-Aighne, ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, ar Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus ar Oifig an Príomh-Aturnae Stáit Scéim Intéirneachta Rochtana do Thaighde Dlí 2024 a sheoladh.

Tríd an Scéim Intéirneachta Rochtana do Thaighde Dlí, is é an aidhm atá againn cur leis an éagsúlacht i ngairm an dlí agus cur leis na deiseanna atá ann do mhic léinn ó chúlraí atá faoi ghannionadaíocht chun tabhairt faoi ghairmeacha sa dlí.

Gheobhaidh intéirnigh taithí phraiticiúil, agus iad ag tabhairt faoi obair a dhíríonn ar thaighde dlí mar chuid d’fhoireann, laistigh de cheann amháin díobh seo a leanas; Oifig an Ard-Aighne, an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit. Tabharfaidh na hintéirneachtaí taithí dóibh ar bheith ag obair i dtimpeallacht dlí agus tabharfaidh sé deis dóibh eolas a fháil ar na slite gairme éagsúla atá ann do chéimithe dlí, lena n-áirítear gairmeacha san earnáil phoiblí.

Tá súil againn go leanfaidh comhlachtaí eile san earnáil phoiblí an sampla seo agus bheimis an-sásta cabhrú le haon eagraíocht atá ag iarraidh úsáid a bhaint as an múnla seo.

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, léigh an Leabhrán Faisnéise le do thoil.

Ba cheart d’iarratasóirí a bhFoirm Iarratais a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: internship@ag.irlgov.ie. Is é an 7 Marta 2024 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Ceisteanna Coitianta – Intéirneacht Taighde Dlí Chothromais