19 May 2023

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ard-Fheidhmeannaigh Dlí.  Ní mór cáilíocht ag Leibhéal 6 a bheith ag iarrthóirí ar mhórdhámhachtain an NFQ (i.e. leibhéal dioplóma) nó cáilíocht ghairmiúil i réimse a bhaineann leis an ról. Ní mór d’iarrthóirí ar a laghad 2 bhliain de thaithí ghairmiúil ábhartha a bheith acu mar fheidhmeannach dlí nó paraidhlí i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

  • Dlí Coiriúil, Rialála nó Forfheidhmithe
  • Dlí Riaracháin, Bunreachtúil nó Eorpach
  • Dlíthíocht agus/nó dlíthíocht a bhaineann le comhlachtaí poiblí
  • Dlí Fostaíochta

Ní mór d’iarrthóirí scileanna maithe chumarsáide a léiriú, mar aon le hábaltacht a bheith in ann obair neamhspleách a chur i gcrích, chomh maith le hobair i dtimpeallacht foirne, inniúlacht ar leith chun líon cásanna dlí a eagrú, a chur in ord tosaíochta agus a bhainistiú.  Féadfar gearrliostú a bheith i bhfeidhm.  Dícháileofar iad a rachaidh i mbun canbhásála.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil ar an Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30pm Dé Máirt 6 Meitheamh 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh gréasáin seo.