12 October 2026

Tá iarratais oscailte anois do Chlár Intéirneachta an Dlí Phoiblí 2027 (ar a dtugtaí Clár Intéirneachta Rochtana Dlí roimhe seo). Tá sé mar aidhm ag an ainm nua seo léiriú níos fearr a thabhairt ar an réimse leathan deiseanna gairme dlí atá ar fáil i measc eagraíochtaí earnála poiblí atá rannpháirteach.

Tá an clár á reáchtáil go rathúil le roinnt blianta anuas agus cuireann sé deis ar fáil do mhic léinn ó chúlraí atá faoi ghannionadaíocht taithí luachmhar a fháil i dtimpeallacht dhlíthiúil san earnáil phoiblí. Tabharfaidh na hiarratasóirí rathúla faoi intéirneacht íoctha dhá mhí a thosóidh i mí an Mheithimh 2027.

Eagraíochtaí rannpháirteacha:

  • Coimisiún um Athchóiriú an Dlí
  • Oifig an Ard-Aighne
  • Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
  • Oifig an Phríomh Aturnae Stáit
  • Tithe an Oireachtais
  • An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Critéir cháilitheachta

Tá an clár oscailte do mhic léinn dlí fochéime sa bhliain dheireanach (nó do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar cháilíocht choibhéiseach ina bhfuil an dlí ina phríomhábhar) a chomhlíonann critéir cháilitheachta áirithe.

Is féidir le hiarratasóirí cáiliú faoi cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:

Bealach 1: Clár rochtana/Bealach rochtana

Chuaigh tú isteach san ardoideachas trí chlár rochtana nó trí bhealach rochtana, lena n-áirítear:

  • Bealach Rochtana ar Ardoideachas (HEAR)
  • Bealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DARE)
  • Mar mac léinn aibí
  • Cláir rochtana eile atá aitheanta agus a bhaineann le hinstitiúidí ar leith

Bealach 2: Tacaíocht airgeadais ó SUSI

Tá ceann de na nithe seo a leanas á fháil agat faoi láthair, nó fuair tú ceann acu roimhe seo:

  • SUSI banda haon – Iomlán Cothaithe
  • SUSI ráta speisialta den deontas cothaithe

Bealach 3: Úsáideoir seirbhíse tacaíochta míchumais cláraithe

Tá tú cláraithe leis an tseirbhís tacaíochta do dhaoine faoi mhíchumas i d’institiúid ardoideachais, agus faigheann tú tacaíocht uaithi faoi láthair.

Beidh ar iarratasóirí doiciméadúchán tacaíochta a sholáthar mar chuid den phróiseas iarratais.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Tá na sonraí iomlána – lena n-áirítear critéir cháilitheachta, eagraíochtaí rannpháirteacha agus eolas faoin iarratas – ar fáil sa leabhrán eolais agus san fhoirm iarratais ar shuíomh gréasáin an Oireachtais: Taithí oibre – Tithe an Oireachtais.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 1 p.m. Dé hAoine, 30ú Deireadh Fómhair 2026