02 September 2022

Tá Ionchúisitheoirí á n-earcú ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.  Ní mór d’iarratasóirí rathúla, an 13 Bealtaine 2022 nó roimhe, a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát ​​nó​​ glaoite chun an Bharra.  Ní mór go mbeadh eolas agus tuiscint mhionsonraithe ag iarrthóirí ar an dlí coiriúil, go háirithe maidir leis na saincheisteanna dlí a mbíonn tionchar acu ar chomhlíonadh na feidhme ionchúisimh.  Beifear ag súil freisin go dtaispeánfaidh iarrthóirí scileanna maithe cumarsáide, an cumas oibriú go neamhspleách agus i dtimpeallacht foirne, agus an cumas ualach cásanna dlíthiúil a eagrú, a chur in ord tosaíochta agus a bhainistiú.

D’fhéadfadh gearrliostú a bheith infheidhme.  Dícháileofar iarratasóirí má dhéanann siad canbhásáil.

Cuirfear an comórtas chun feidhme ar aon dul leis na cóid chleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun teacht ar bhreis faisnéise, féach Leabhrán Faisnéise.

Ba chóir d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30pm Dé hAoine an 13 Bealtaine 2021​.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.