22 November 2022

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú dlíodóirí sinsearacha ag leibhéal an Phríomh-Ionchúisitheora. Ní mór d’iarratasóirí rathúla, ar nó roimh an 21 Samhain 2022, a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát nó a bheith glaoite chun an Bharra le taithí 5 bliana ar a laghad mar Aturnae nó Abhcóide nó taithí 5 bliana ar a laghad a bheith acu.

Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 10:00am Dé Luain 12 Nollaig 2022.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna.

Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras I nGaelige