02 September 2022

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ceannasaí ar Acmhainní Daonna agus ar Fhorbairt Eagraíochtúil.  Beidh ról lárnach ceannaireachta ag an duine a cheapfar i bhforbairt agus i gcur chun feidhme straitéisí maidir le hAcmhainní Daonna agus Forbairt Eagraíochtúil laistigh den Oifig agus beifear ag súil go bhforbróidh sé nó sí freagairtí chun freastal ar dhúshláin straitéiseacha a eascróidh as an timpeallacht éabhlóideach ina bhfeidhmíonn an Oifig.

Beidh scileanna bainistíochta agus ceannaireachta den scoth ag na hiarrthóirí idéalacha; taithí i saincheapadh agus i seachadadh clár eagraíochta agus claochlaithe; scileanna láidre bainistíochta geallsealbhóirí; tuiscint fhollasach ar an gcaidreamh fioscach, reachtach agus tionsclaíoch atá ag teacht chun cinn sa státseirbhís; cumas cruthaithe chun oibriú i dtimpeallacht oibre atá ag athrú go tapa agus scileanna eagraíochtúla ardfhorbartha.

Cuirfear an comórtas chun feidhme ar aon dul leis na cóid chleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun teacht ar bhreis faisnéise, féach Leabhrán Faisnéise.

Ba chóir d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: HR.mailbox@dppireland.ie le teacht roimh 3:30 p.m. Dé hAoine an 30 Iúil 2021​.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna.

Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge