03 September 2022

Lorgaíonn an Stiúrthóir léiriú spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí iad a áireamh ar na painéil abhcóidí a choimeádann sé sna réimsí seo a leanas d’obair ionchúisimh:

  • Ionchúisimh ar díotáil sa Chúirt Chuarda i mBaile Átha Cliath
  • Bannaí Ard-Chúirte

Tugann an Stiúrthóir faisnéis do na habhcóidí ar bhonn cás ar chás. Déanann abhcóidí ionchúiseamh de réir treoracha agus cloífidh siad le Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí. Is faoin Stiúrthóir atá sé, faoi réir fheidhmíocht shásúil thar a ceann de réir mar a chinnfidh an Stiúrthóir, abhcóidí a choinneáil ar aon phainéal.

De ghnáth, bítear ag súil go mbeidh ar a laghad ceithre bliana taithí ag abhcóidí ar Bharra na hÉireann, nó taithí chomhionann ábhartha le go mbreithneofaí iad i gcomhair oibre ar Ionchúisimh indíotáilte i mBaile Átha Cliath agus taithí trí bliana do Phainéal Bannaí na hArd-Chúirte.

Chun foirm iarratais agus meabhrán míniúcháin maidir le ról na n-abhcóidí ionchúisimh a fháil, ba chóir abhcóidí leasmhara ríomhphost a sheoladh chuig competitions@dppireland.ie.

Ba cheart go mbeadh sonraí faoina gcuid oideachais, gairme agus taithí go dtí seo (le tagairt ar leith d’aon taithí dlí coiriúil sna catagóirí thuas) san áireamh sna foirmeacha iarratais comhlánaithe.

De Bharr go mbeidh an t-iarratas mar bhunús le próiseas gearrliosta ba chóir d’abhcóidí a chinntiú go soláthraíonn siad go leor sonraí ábhartha chun a dtaithí a léiriú.

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná 5:00pm Dé Máirt, 27 Aibreán 2021.