07 April 2020

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (DPP), cosúil le gach eagraíocht seirbhíse poiblí, ag freagairt do na dúshláin atá ag teacht chun cinn a chruthaíonn paindéim COVID-19. Is seirbhís riachtanach í an tseirbhís ionchúisimh.

Tá raon beart curtha i bhfeidhm againn chun seachadadh leanúnach seirbhíse ionchúisimh a chinntiú le linn na tréimhse seo, agus treoirlínte sláinte poiblí an Rialtais á gcomhlíonadh againn freisin.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig mar is gnách. Is féidir le híospartaigh na coireachta comhfhreagras a dhéanamh fós le hOifig an DPP maidir lena gcásanna (e.g. iarratais a lorg ar chúiseanna agus athbhreithnithe ar chinntí gan ionchúiseamh a dhéanamh).

Iarrtar ar ionadaithe dlí cosanta comhfhreagras a dhéanamh leis an Oifig trí ríomhphost le linn na tréimhse seo.

Tá faisnéis maidir le seirbhísí cúirte ar fáil go díreach ar shuíomh Gréasáin na gCúirteanna ag www.courts.ie.