01 November 2022

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i mbun earcaíochta le haghaidh Oifigeach Cléireachais

Ní mór d’iarrthóirí a bheith 17 mbliana d’aois ar a laghad, agus go mbeidh leibhéal maith oideachais ghinearálta acu.  Beifear ag súil go léireóidh an t-iarrthóir scileanna maithe cumarsáide; táithí a léiriú de bheith ag obair as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.

Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: odpp@lexconsultancy.ie e teacht roimh 3.30pm Dé Céadaoin 16 Samhain 2022.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.