Taighdeoir Dlí & Bainistíochta Eolais
21 October 2026
Tá comórtas á sheoladh ag an ODPP do Thaighdeoirí Dlí agus Bainistíochta Eolais le bheith páirteach inár bhFoireann Taighde Dlí, Bainistíochta Eolais agus Oiliúna. Is deis iontach í seo d’iarrthóirí a bhfuil scileanna láidre taighde dlí agus anailíse acu cur le hobair eagraíochta dinimiciúla atá i gcroílár chóras ceartais choiriúil na hÉireann.
Cuirfidh an t-iarrthóir rathúil taighde agus anailís dlí ar ardchaighdeán ar fáil chun tacú le hIonchúisitheoirí i gcomhlíonadh a ndualgas. D’fhéadfadh baint a bheith ag obair thaighde leis an dlí coiriúil, nós imeachta coiriúil, beartas ionchúisimh agus pointí dlí a eascraíonn as ionchúisimh choiriúla leanúnacha. Is éard atá i gceist leis an ról freisin rannchuidiú le doiciméid bheartais ionchúisimh a fhorbairt agus tacú le freagraí na hOifige ar iarratais ó chomhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Chomh maith le freagrachtaí taighde dlí, tá ról lárnach ag Taighdeoirí Dlí agus Bainistíochta Eolais maidir le tacú le Straitéis Bainistíochta Eolais Dlí na hOifige. Áirítear leis sin rannchuidiú le cothabháil agus forbairt chóras bainistíochta eolais dlí Comhroinnte na hOifige, monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí dlí, tacú le seirbhísí feasachta reatha agus cuidiú le tionscnaimh bhainistíochta eolais ar fud na hOifige.
Ag tuairisciú do Thaighdeoirí Sinsearacha Dlí & Bainistíochta Eolais agus don Bhainisteoir Taighde Dlí, Bainistíochta Eolais agus Oiliúna, éilíonn an ról scileanna taighde dlí agus scríbhneoireachta den scoth, aird láidir ar mhionsonraí, cumas coincheapa casta dlí a chur in iúl go soiléir agus go beacht, agus spéis i bainistíocht eolais agus foghlaim leanúnach.
Is deis spreagúil í seo d’iarrthóirí ar mian leo a gcuid saineolais i dtaighde dlí a fhorbairt agus ag an am céanna cur le riaradh cothrom agus éifeachtach an cheartais.
Bunófar painéal ón gcomórtas seo agus fanfaidh sé gníomhach ar feadh 18 mí.
Toisc gurb é príomhghnó na hOifige ionchúiseamh na coireachta, beidh roinnt teagmhála ag gach ball foirne dlí a fhostaíonn an Oifig le comhaid ionchúisimh, a bhféadfadh ábhar de chineál anacair a bheith iontu.
Chun sonraí iomlána a fháil faoin ról, faoi na riachtanais agus faoin bpróiseas iarratias, féach an Leabhrán Faisenéise d’Iarrathóití.
Comhlánaigh agus cuir isteach d’Fhoirm Iarratais agus do CV tríd an nasc RMS atá ar fáil anseo. Is é meánoíche Déardaoin, 24 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Tá eolas faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh gréasáin seo.