Ionchúisitheoirí 2026
01 April 2026
Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ionchúisitheoirí.
An bhfuil tú cáilithe, nua-cháilithe, ar tí cáiliú mar Aturnae nó mar Abhcóide? An bhfuil tú spreagtha chun seirbhís ionchúisimh atá cothrom, neamhspleách agus éifeachtach a sholáthar thar ceann mhuintir na hÉireann ar fad?
Más é an freagra tá ar na ceisteanna thuas, b’fhéidir gurb é seo an post duit.
Ní mór do gach iarrthóir, faoin 20 Aibreán 2026 nó roimh ré a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát nó glaoite chun an Bharra orthu. Ní mór d’iarrthóirí freisin, taithí ar chleachtas (le linn oiliúna nó iarcháilíochta) a bheith acu i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas, Dlí um Rialáil Choiriúil nó Forfheidhmiú, Dlí Riaracháin, Bunreachtúil nó Eorpach, Dlíthíocht agus/nó dlíthíocht a bhaineann le comhlachtaí poiblí agus Dlí Fostaíochta. Stair maidir le torthaí a sheachadadh go héifeachtach, go háirithe líon na gcás a bhainistiú. Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta ar ardleibhéal acu agus tuiscint ar an dóigh chun plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara seachtracha. Scileanna láidir anailíse agus cinnteoireachta. Taithí nó inniúlacht chun oibriú i dtimpeallacht ríomhairithe oifige, lena n-áirítear córais leictreonacha bainistíochta cásanna nó feidhmchlár TF eile a úsáidtear le haghaidh cleachtas dlí a úsáid.
Chun sonraí iomlána a fháil faoin ról, faoi na riachtanais agus faoin bpróiseas iarratais, féach an Leabhrán Eolais d’Iarrthóirí
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie
Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé Luain 20 Aibreán 2026 ag 1pm.