Is abhcóidí neamhspleácha a bhíonn ag cleachtadh ag an mBarra agus a fhostaítear le hionadaíocht a dhéanamh ar Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí ar bhonn cás ar chás a láimhseálann trialacha ar díotáil.  Déanann abhcóidí ionchúiseamh de réir treoracha agus cloífidh siad le Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí. Is faoin Stiúrthóir atá sé, faoi réir fheidhmíocht shásúil thar a ceann de réir mar a chinnfidh an Stiúrthóir, abhcóidí a choinneáil ar aon phainéal.

De ghnáth, bítear ag súil go mbeidh ar a laghad ceithre bliana taithí ag abhcóidí ar Bharra na hÉireann, nó taithí chomhionann ábhartha le go mbreithneofaí iad i gcomhair oibre i ngach ceann de na réimsí seo, ach amháin Bannaí Ard-Chúirte (trí bliana).

Faoi láthair tá painéil abhcóidí ag an Stiúrthóir i ndáil leis an obair seo a leanas:

  • Ionchúisimh ar díotáil i mBaile Átha Cliath
  • Athbhreithniú Breithiúnach
  • Habeas Corpus
  • Bannaí Ard-Chúirte
  • Coigistiú Sócmhainní
  • Ionchúisimh faoin Reachtaíocht um Sláinte agus Sábháilteachta ag an Obair
  • Ionchúisimh maidir le hIascaigh Mhara
  • Ionchúisimh ar díotáil lasmuigh de Bhaile Átha Cliath (an Chúirt Chuarda)

Lorgaíonn an Stiúrthóir léirithe spéise ó am go ham ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí iad le cur ar phainéil éagsúla abhcóidí.