06 October 2023

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ionchúisitheoirí Sinsearacha.

Ní mór do gach iarrthóir, faoin Dé Céadaoin, 25ú Deireadh Fómhair 2023 nó roimh ré a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát, nó, glaodh chun an Bharra faighte acu. Ní mór d’iarrthóirí ar a laghad 2 bhliain ar a laghad ar a bheith ag cleachtadh mar Aturnae nó Abhcóide i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas, Dlí Coiriúil, Rialála nó Forfheidhmithe, Dlí Riaracháin, Bunreachtúil nó Eorpach, Dlíthíocht agus/nó dlíthíocht a bhaineann le comhlachtaí poiblí agus Dlí Fostaíochta. Tuiscint ar an dlí coiriúil, ar an gcóras ceartais choiriúil in Éirinn: agus prionsabail ionchúisimh intíre agus idirnáisiúnta. Leibhéal Arda spreagtha, athléimneachta, tiomantais agus an cumas cruthaithe chun cásanna a sheachadadh. Fianaise ar rannpháirteachas réamhghníomhach le comhghleacaithe ar gach leibhéal agus le páirtithe leasmhara ar fud a n-earnála chun líonraí gairmiúla láidre a thógáil. Scileanna láidre anailíse agus cinnteoireachta agus an cumas ualach cásanna casta a bhainistiú. Taithí nó cumas le bheith ag obair i dtimpeallacht oifige ríomhairithe, lena n-áirítear úsáid na gcóras leictreonach do chásanna a bhainistiú nó aon fheidhmchlár TFC eile le haghaidh cleachtas dlí.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil ar an Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí a bhFoirm Iarratais (leagan nua den fhoirm uaslódáilte 25ú Deireadh Fómhair 2023) a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie faoi 3:30pm Dé Céadaoin, 25ú Deireadh Fómhair 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh Gréasáin seo.