16 October 2023

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ionchúisitheoirí faoi láthair.

An bhfuil tú cáilithe, nua-cháilithe, ar tí cáiliú mar Aturnae nó mar Abhcóide? An bhfuil tú spreag chun seirbhís ionchúisimh a bheith cothrom, neamhspleách agus éifeachtach a sholáthar ar son mhuintir uile na hÉireann? Más é ‘Tá’ an freagra ar na ceisteanna thuas, d’fhéadfadh sé seo ann díreach ar do shon.

Ní mór do gach iarrthóir, faoin Dé Céadaoin 28ú Feabhra 2024 nó roimh ré a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát, nó, glaodh chun an Bharra faighte acu. Ní mór d’iarrthóirí freisin, taithí ar chleachtas (le linn oiliúna nó iarcháilíochta) a bheith acu i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas, Dlí um Rialáil Choiriúil nó Forfheidhmiú, Dlí Riaracháin, Bunreachtúil nó Eorpach, Dlíthíocht agus/nó dlíthíocht a bhaineann le comhlachtaí poiblí agus Dlí Fostaíochta. Stair mhaith acu maidir le torthaí a chur i gcrích go héifeachtach, go háirithe i bhfoirm líon cásanna s’acu a bhainistiú. Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta ar ardleibhéal acu agus tuiscint ar an dóigh chun plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara seachtracha. Scileanna láidir anailíse agus cinnteoireachta. Taithí nó cumas le bheith ag obair i dtimpeallacht oifige ríomhairithe, lena n-áirítear úsáid na gcóras leictreonach do chásanna a bhainistiú nó aon fheidhmchlár TFC eile le haghaidh cleachtas dlí.

Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí a CV agus a n-iarratas a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie e teacht roimh 3.30 in ar Dé Déardaoin 2ú Samhain 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.