03 September 2022

Tá Ionchúisitheoirí á n-earcú ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.  Ní mór d’iarrthóirí rathúla a bheith rollaithe mar Aturnae sa Stát, glaoite go dtí an Barra, ar nó roimh 04  Meán Fómhair 2020.  Is ceart d’iarrthóirí rathúla chomh maith eolas maith ar an dlí coiriúil, scileanna maithe cumarsáide, cumas chun obair go neamhspleách agus i dtimpeallacht foirne, a léiriú chomh maith leis an gcumas chun riar cásanna dlí a eagrú, a chur in ord tosaíochta agus a bhainistiú. D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist. Dícháileofar aon duine a dhéanann canbhásáil.

Eagrófar an comórtas de réir na gcód cleachtais mar atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag www.cpsa-online.ie.

Chun teacht ar bhreis faisnéise, féach Leabhrán Faisnéise.

Is ceart d’iarrthóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig HR.Mailbox@dppireland.ie tráth nach déanaí ná Dé hAoine 04 Meán Fómhair 2020.

Tá faisnéis ar fáil i dtaobh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar an suíomh gréasáin seo.