16 March 2023

Tá an Intéirneacht Taighde Dlí Chothromais dírithe go sonrach ar mhic léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch nó ar mhic léinn faoi mhíchumas. Is í aidhm an intéirnacht chothromais éagsúlacht sa dlí agus cothromas teachta ar deiseanna ghairmiúil sa dlí a mhéadú d’iarrthóirí faoi mhíbhuntáiste. Tabharfaidh an intéirneacht taithí oibre do mhic léinn i dtimpeallacht dlí, chun scileannea agus muinín a forbairt mar chuid d’fhoireann taighde.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an Leabhrán Eolais.

Dáta Dúnta – Ní mór an fhoirm iarratais comhlíonta a sheoladh ar aghaidh trí r-phoist chuig internship@lawreform.ie, ar a dhéanaí ag 12i.n (nóin) an 3 Aibreán 2023.

Tá clár intéirneachta ar leith ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí freisin i gcomhar leis na dámha Dlí i roinnt Ollscoileanna Éireannacha. Cuireann an clár seo líon beag post intéirneachta ar fáil inár nAonad um Bheartas Ionchúisimh agus Taighde. Déanann mic léinn iarratais ar iontráil ar an gclár seo chuig Stiúrthóir Cúrsa a nDámh Dlí Ollscoile faoi seach. Is í an Ollscoil a láimhseálann an próiseas roghnóireachta. Tá an clár teoranta dóibh siúd a bhfuil céimeanna fochéime dlí críochnaithe acu agus atá tar éis iarchéim ábhartha a bhaint amach nó atá ag déanamh céime ábhartha agus/nó atá tar éis tosú ag staidéar i dtreo cáilíocht ghairmiúil dlí.