02 October 2023

Tá Taighdeoir Bainistíochta Dlí agus Eolais á earcú ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.  Ní mór d’iarratasóirí rathúla, an 17 Deireadh Fómhair 2023 nó roimhe sin, céim onóracha (Leibhéal 8 ar a laghad den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) sa Dlí a bheith acu nó céim onóracha i ndisciplín eile móide cáilíocht iarchéime sa Dlí agus taithí inléirithe a bheith acu ar thaighde agus anailís dhomhain dlí a dhéanamh a fuarthas trí staidéir iarchéime ábhartha nó trí thaighde agus anailís dlí a dhéanamh i gcomhthéacs fostaíochta nó intéirneachta.  Buntáiste a bheidh ann eolas fairsing a bheith agat ar dhlí na hÉireann agus ar chóras dlí na hÉireann mar aon le heolas ar dhlí an AE agus an ECHR, scileanna láidre teicneolaíochta faisnéise, scileanna agus teicnící anailíseacha agus meastóireachta, scileanna maithe cumarsáide scríofa, cumas oibriú go neamhspleách agus i dtimpeallacht foirne agus cumas pleanáil,  tús áite a thabhairt do thascanna agus iad a bhainistiú ar bhealach córasach agus eagraithe chun obair ar ardchaighdeán a chur ar fáil i gcoinne spriocdhátaí dochta.

D’fhéadfadh gearrliostú a bheith infheidhme.  Dícháileofar iarratasóirí má dhéanann siad canbhásáil.

Cuirfear an comórtas chun feidhme ar aon dul leis na cóid chleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag www.cpsa.ie/

Chun teacht ar bhreis faisnéise, féach Leabhrán Faisnéise.

Ba chóir d’iarratasóirí CV agus Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30 p.m. Dé Máirt an 17 Deireadh Fómhair 2023​.